Fógraíonn an tAire O'Donovan go bhfuil maoiniú faofa le haghaidh oibreacha cosanta tuile ag Teach an Chúilín, Brú Rí
- Foilsithe: 26 Iúil 2021
- An t-eolas is déanaí: 27 Lúnasa 2021
D’fhógair an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, T.D., go bhfuil iarratas ó Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh faofa faoi Scéim OPW Mionoibreacha um Maolú Tuile agus Cosaint Chósta. Faoin scéim seo, tá maoiniú €33,525 faofa ag Oifig na nOibreacha Poiblí le haghaidh le haghaidh oibreacha ar Abhann na Máighe ag Teach an Chúilín, Brú Rí – déanfar athghrádú agus athlonnú ar chainéal agus lintéar níos mó a shuíomh in áit lintéir atá ró-bheag.
-CRÍOCH-
Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland