Fógraíonn an tAire O'Donovan go bhfuil maoiniú faofa le haghaidh oibreacha um maolú tuile ag Baile idir Dhá Abhann, Co. Sligigh
- Foilsithe: 16 Iúil 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, T.D., go bhfuil iarratas ó Chomhairle Contae Shligigh faofa faoi Scéim OPW Mionoibreacha um Maolú Tuile agus Cosaint Chósta. Faoin scéim seo, tá maoiniú €22,635 faofa ag Oifig na nOibreacha Poiblí chun crainn agus imfhás ar bhruach Abhann na hUinsinne i mBaile idir Dhá Abhann a bhaint as an áit.
CRÍOCH
Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland