Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire O’Donovan go n-athosclófar Sceilg Mhichíl le haghaidh séasúir 2021

Tá spriocdháta 21 Meitheamh 2021 um Sceilig Mhichíl a athoscailt le haghaidh cuairteoirí fógartha ag Patrick O’Donovan T.D., Aire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí. Tá foirne oibre OPW ar an suíomh faoi lathair, i mbun oibreacha sláinte agus sábháilteachta roimh an athoscailt, agus is cosúil go mbainfear amach an spriocdháta. Tá dul chun cinn na hoibre ag brath ar aimsir oiriúnach agus moltar do chuairteoirí féachaint ar heritageireland.ie chun an scéal is déanaí a fháil sul a ndéanann siad aon chinneadh maidir le cuairt.

Dúirt an tAire O’Donovan:

“Tá an-áthas orm an dea-scéal seo a roinnt ar lucht saoire a bhfuil fonn orthu cuairt a thabhairt ar Sceilg Mhichil i mbliana agus leis na pobail tuaithe a bhrathann ar thurasóireacht chuig an oileán. Táim féin ag féachaint chuig turas a thabhairt ar an Láthair Oidhreachta Domhanda UNESCO seo go luath; tá súil agam go ligfidh an aimsir na hoibreacha ullmhúcháin ag foireann OPW a chríochnú i am don athoscailt ar 21 Meitheamh. Ins na míonna atá romhainn amach, beidh deis againn seodanna náisiúnta dá leithéid seo a aimsiú agus taitneamh a bhaint astu, a bhuíochas san don dul chun cinn atá déanta againn ar an turas téarnaimh.”

CRÍOCH

Lean sinn ar Twitter @opwireland

Lean sinn ar Facebook @opwireland

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat