Fógraíonn an tAire O'Donovan gur faomhadh maoiniú le haghaidh oibreacha cosanta tuile ag Bearna na hUla, Drom Dhá Liag, Co. Chorcaí
- Foilsithe: 3 Meitheamh 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, T.D., gur faomhadh iarratas ó Chomhairle Contae Chorcaí faoi Scéim OPW Mionoibreacha um Maolú Tuile agus Cosaint Chósta. Faoin scéim tá maoiniú €22,615 faofa ag Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) le haghaidh oibreacha um maolú tuile ag Bearna na hUla, Drom Dhá Liag, Co. Chorcaí. Ar na hoibreacha seo tá suirbhé TCI ar dhabhach shéarachais um a fheiceáil an gá ceann nua a shuíomh, agus é sin a dhéanamh más gá; comhla neamhchúlaithe agus buansumpa a shuíomh; agus rampa ar bhealach isteach, á chúlú siar chuig claífoirt chréafóige.
Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works
Nótaí
Thosaigh OPW an Scéim Mionoibreacha um Maolú Tuile agus Cosaint Chósta in 2009.
Is aidhm don scéim maoiniú a sholáthar chuig Údaráis Áitiúla, chun mionoibreacha um maolú tuile a thionscnamh nó staidéir a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna tuile agus cosaint chósta laistigh dá gceantair riaracháin féin. De ghnáth, tá feidhm leis an scéim sa chás gur féidir réiteach a aimsiú agus a fheidhmiú laistigh de ghearrthréimhse ama.
Faoin scéim, breathnaítear iarratais ar thionscadail a mheastar ar chostas nach mó ná €750,000 i ngach cás. Tá maoiniú suas chuig 90% den chostas ar fáil le haghaidh tionscadail faofa. Measann OPW iarratais maidir le critéir ar leith na scéime – eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil, coibhneas costais is tairbhe san áireamh.
De ghnáth, ní bhreathnófar um maoiniú OPW oibreacha is cúram de na húdaráis áitiúla. Ach sa chás go maolódh a leithéid d’oibreacha priacal tuile réadmhaoine, féadfaidh OPW maoiniú I bpáirt a bhreathnú.
Ní mór do na hÚdaráis Áitiúla a bheith sásta nach mbeidh tionchar ag na hoibreacha ar phriacal tuile in áit eile.
Is ceist do gach Údarás Áitiúil féin oibreacha um a bhfuil maoiniú faofa a thosú agus a chur chun cinn.
Tá breis eolais, liostaí bliantúla na dtionscadal gur faomhadh maoiniú dóibh san áireamh, ar fáil ag