Fógraíonn an tAire O’Donovan luasteorainn 30km/h i bPáirc an Fhionnuisce agus bearta breise tráchta
- Foilsithe: 7 Feabhra 2022
- An t-eolas is déanaí: 7 Feabhra 2022
Inniu, d’fhógair an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan T.D., luasteorainn nua 30km/h i bPáirc an Fhionnuisce, a thiocfaidh i bhfeidhm ar an Luan 28ú Feabhra 2022. Tá an t-athrú ag réiteach leis an dTuarascáil ar Roghanna Iompair agus Soghluaisteachta i bPáirc an Fhionnuisce, a foilsíodh i mí Eanáir 2021 agus a críochnaíodh i mí Iúil anuraidh i ndiaidh an chomhairliúcháin phoiblí.
Tiocfaidh dhá mholadh eile ón dTuarascáil sin i bhfeidhm ar an 28ú Feabhra; ar feadh tréimhse phíolótach naoi mhí beidh na hathruithe tráchta seo a leanas i bhfeidhm:
• cul-de-sac ar Bhóthar an Ghleanna Uachtarach,
• córas aontreo ar an mBóthar Thuaidh.


Ní chuirfidh na bearta seo bac rochtana ar institiúidí atá i gcóngar an dá bhealach seo.
Ag fáiltiú roimh na hathruithe, dúirt an tAire O’Donovan:
“Ag éirí as próiseas forleathan comhairliúcháin phoiblí, foilsíodh an Tuarascáil Iar-chomhairliúcháin ar Roghanna Iompair agus Soghluaisteachta i bPáirc an Fhionnuisce anuraidh. Bhí roinnt moltaí lárnacha ann agus tá áthas orm go bhfuil siad seo á bhfeidhmiú. Ba cheart athrú mór ar iompar tiománaithe a fheiceáil ón laghdú luasteorann ó 50km/h go 30km/h, agus beidh an Pháirc níos sábháilte dóibh siúd a bhaineann úsáid as an áit um chaitheamh aimsire. Déanfaidh OPW grinnscrúdú ar éifeacht an dá thionscadal píolótach ar an mBóthar Thuaidh agus ar Bhóthar an Ghleanna Uachtarach agus cuirfear fáilte roimh thuairimí an phobail maidir leo seo.
Beidh áthas ar rothaithe a chlos go gcuirfear deighilteoirí tráchta in áit ar Ascaill Chesterfield le linn na míosa seo agus bainfear amach na cóin atá ann faoi láthair. Cinnteoidh na deighilteoirí nua marthanacha seo timpeallacht níos sábháilte do rothaithe agus do thiománaithe araon, fad is atá an fhoireann agamsa ag obair leis an Údarás Náisiúnta Iompair agus le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ar bhuanlánaí rothar ó Chaisleán Cnucha go lár na cathrach. Tá 40 seastán nua rothar curtha sa Pháirc ag OPW le déanaí agus tá 70 seastán breise le suiteáil ins na míonna atá romhainn.”
Dúirt Finbarr Murphy, Ard-Cheannfort an Gharda Síochána, Baile Bhlainséir:
“Le feidhmiú an luasteorann 30km/h ar fud Pháirc an Fhionnuisce beidh an timpeallacht níos sábháilte do choisithe agus don fhiadhúlra araon. Roinnfidh na deighilteoirí ar Ascaill Chesterfield na rothair ó na mótarfheithiclí agus beidh siad araon níos sábháilte. Ina theannta sin, coscfar timpistí agus brú tráchta.”
Moladh eile ón dTuarascáil ar Roghanna Iompair agus Soghluaisteachta i bPáirc an Fhionnuisce atá á chur chun cinn faoi láthair is ea Straitéis Pháirceála Pháirc an Fhionnuisce. Tá OPW ag féachaint chuig comhairleoirí a fhostú chun straitéis a leagan amach maidir le páirceáil do chuairteoirí, páirceáil rothar san áireamh. Tabharfaidh an Straitéis Pháirceála aghaidh ar cheisteanna páirceála agus riachtanais chuairteoirí, iad siúd faoi ghluaiseacht teoranta san áireamh, um a chinntiú gur féidir le cách tairbhe a bhaint as Páirc an Fhionnuisce. Tá láithreacha um bailiú sonraí tráchta suite ar fud Pháirc an Fhionnuisce, a dhéanfaidh sonraí feithiclí agus rothar a thaifead ins na míonna atá romhainn.
-CRÍOCH-
Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works
Nótaí le haghaidh Eagarthóirí
• Ón 23ú Feabhra dúnfar an Bóthar Thuaidh le haghaidh oibreacha - suiteáil mullard, marcáil bhóthair, comharthaí nua, etc. Athosclófar é ar 28ú Feabhra mar bhealach aontreo, i dtreo na Cathrach amháin.
• Tosóidh oibreacha ar Bhóthar an Ghleanna Uachtarach ón 21ú Feabhra - suiteáil mullard, marcáil bhóthair, comharthaí, etc. Tiocfaidh an cul-de-sac píolótach i bhfeidhm ar an 28ú Feabhra.
• Tá Páirc an Fhionnuisce suite ar imeall thiar lárchathrach Bhaile Átha Cliath, taobh thuaidh d’abhainn na Life. Leathnaíonn an Pháirc thar bhreis agus 700ha agus tá balla 11km á timpeallú. Tírdhreach stairiúil, nádúrtha agus cultúrtha de thábhacht idirnáisiúnta atá anseo, agus láthair chaitheamh aimsire ag na milliúin cuairteoirí.
• I bPáirc an Fhionnuisce tá 25km de bhóithre, 17km de raonta rothar agus 27km de chosáin.
• Foilsíodh an Tuarascáil Iar-chomhairliúcháin ar Roghanna Iompair agus Soghluaisteachta i bPáirc an Fhionnuisce i mí Iúil 2021. Leagtar amach ann sraith moltaí maidir le rochtain, eispéireas agus gluaiseacht cuairteoirí i bPáirc an Fhionnuisce agus cosaint ar ar an bpobal agus ar thimpeallacht na Páirce. Moltar trácht agus luas comaitéireachta a laghdú, deiseanna do rothaithe agus do choisithe a leathnú agus iompar poiblí teoranta a sholáthar. Tugtar aird freisin ar cheisteanna casta na Páirce i bhfianaise an iliomad úsáideoirí iomaíocha a bhaineann feidhm as an áit.