Fógraíonn an tAire O’Donovan tús á chur le comhairliúchán poiblí um Roghanna Iompair agus Réthaistil le haghaidh Pháirc an Fhionnuisce

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire O’Donovan tús á chur le comhairliúchán poiblí um Roghanna Iompair agus Réthaistil le haghaidh Pháirc an Fhionnuisce

Inniu d'fhógair an tAire Stáit um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan TD, go bhfuil tús á chur le comhairliúchán poiblí faoin Staidéar um Roghanna Iompair agus Réthaistil le haghaidh Pháirc an Fhionnuisce.

Foilsíodh an Staidéar um Roghanna Iompair agus Réthaistil le haghaidh Pháirc an Fhionnuisce ar 11 Eanáir. Leagtar amach ann réimse roghanna maidir le rochtain, eispéireas agus gluaiseacht chuairteoirí laistigh de Pháirc an Fhionnuisce agus ag an am gcéanna timpeallachtaí na Páirce a chosaint. Déantar moltaí maidir le trácht comaitéireachta a laghdú, deiseanna rothaíochta agus coisíochta a mhéadú agus iompar poiblí teoranta a sholáthar, agus aird á thabhairt ar cheisteanna casta na Páirce i bhfianaise úsáideoirí iomadúla agus iomaíocha an spáis.

Dúirt an tAire Stáit Patrick O’Donovan

Is deis iontach í seo don phobal um ghníomhú agus rannpháirtíocht i bpróiseas a mbeidh tionchar dearfach aige ar Pháirc an Fhionnuisce anois agus amach anseo. Tugaim cuireadh don phobal an t-am a ghlacadh chun na réitigh atá molta ins an Staidéar a bhreathnú. Táim ag súil go mór le raidhse aighneachtaí a fháil le linn an chomhairliúcháin phoiblí.

Tosóidh an comhairliúchán poiblí inniu, 29 Eanáir, agus beidh sé ar oscailt le haghaidh aighneachtaí ón bpobal go ceann sé seachtaine, go dtí 12 Márta 2021. Mar gheall ar shrianta COVID-19, tarlóidh an comhairliúchán poiblí ar líne; beidh seomra fíorúil inar féidir an tuarascáil agus na mapaí bainteacha a bhreathnú, chomh maith le freagraí ar cheisteanna coitianta a fheiceáil. Iarrfar ar dhaoine gur spéis leo foirm aiseolais a chomhlánú ar líne agus aighneachtaí a dhéanamh. Ag deireadh na tréimhse chomhairliúcháin, déanfar anailís ar an aiseolas; tá sé mar aidhm tuarascáil deiridh a fhoilsiú in Aibreán 2021. Féadfar an comhairliúchán poiblí ar líne a rochtain ag phoenixpark.virtualeventspace.io

-CRÍOCH-

Um breis eolais déan teagmháil le Preas-Oifig OPW ag pressoffice@opw.ie

Lean sinn ar Twitter @opwireland

Faigh sinn ar Facebook @opwireland

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat