Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn Oifig na nOibreacha Poiblí os cionn 100 imeacht chun Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta 2025 a cheiliúradh

  • Fógraíonn an Oifig na nOibreacha Poiblí clár imeachtaí do Sheachtain na hOidhreachta 2025
  • Ar an Satharn, 16 Lúnasa beidh saorchead isteach chuig os cionn 70 láthair oidhreachta ina n-íoctar táille de ghnáth
  • Tá liosta iomlán d’imeachtaí Oifig na nOibreacha Poiblí ar fáil ag www.heritageireland.ie agus www.heritageweek.ie

Tá bród ar Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) clár spreagúil imeachtaí a fhógairt a ag láithreáin oidhreachta ar fud na hÉireann le linn Sheachtain na hOidhreachta 2025, a bheidh ar siúl ón Satharn 16 Lúnasa go dtí an Domhnach 24 Lúnasa.

Tá Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta a eagraíonn an Chomhairle Oidhreachta ar cheann de na himeachtaí cultúrtha is mó in Éirinn. Tá áthas ar Oifig na nOibreacha Poiblí tacú le Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta chun a chinntiú gur féidir le gach duine, le grúpaí agus le teaghlaigh dul amach agus breathnú ar an méid atá le feiceáil ag láithreacha oidhreachta na tíre.

Tugann téama na bliana seo, "Ag Iniúchadh Ár nDúchas", cuireadh don phobal machnamh a dhéanamh ar na struchtúir, na tírdhreacha, na scéalta agus na cleachtais chultúrtha a mhúnlaigh saol na hÉireann thar na céadta bliain.

Tá gach cineál imeacht ar siúl, ina measc, laethanta spraoi teaghlaigh, agus taispeántais bheo staire, ceol, ceardlanna agus turais threoraithe. Beidh imeachtaí spéisiúla ag láithreacha Oifig na nOibreacha Poiblí ar fud na tíre mar chuid de chlár 2025, agus is cinnte go mbainfidh gach duine agus aoisghrúpa taitneamh as imeacht éigin.

Ross Castle  Fáilte Ireland exp 2031

Ag labhairt dó ag seoladh an tionscnamh seo, dúirt an tAire le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Kevin “Boxer” Moran:

‘Tá téama Sheachtain na hOidhreachta i mbliana an-fheiliúnach de bharr an réimse leathan tionscadal caomhnaithe atá curtha i gcrích ag Oifig na nOibreacha Poiblí le déanaí.

Tá réimse leathan imeachtaí ar siúl ag ár láithreacha a phléann an téama seo ó dhearcthaí éagsúla, lena n-áirítear an pobal, bithéagsúlacht agus caomhnú.

Tá os cionn 100 imeacht ar siúl i rith Sheachtain na hOidhreachta, agus beidh saorchead isteach ar an Satharn, 16 Lúnasa, is cinnte go mbeidh imeacht éigin ar siúl a mbainfidh gach duine taitneamh as.’

Dúirt Virginia Teehan, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta:

"Tá ról ar leith ag Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta chun oidhreacht thógtha, nádúrtha agus cultúrtha na hÉireann a thabhairt le chéile faoi scáth féile spleodrach amháin. Le 25 bliain anuas, de bharr na féile seo, tá feasacht agus meas an phobail ar an oidhreacht méadaithe go mór—agus tá níos mó eolais anois ag daoine, agus tá athrú intinne tagtha ar a lán daoine, rud a chuidíonn go mór lenár sócmhainní iontacha oidhreachta a chosaint. Mar POF na Comhairle Oidhreachta, braithim gur mór an phribhléid dom a bheith ag obair chomh dlúth sin leis na daoine agus na pobail atá chomh diongbháilte agus a chuireann an tseachtain seo ar siúl gach bliain. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt freisin d'Oifig na nOibreacha Poiblí mar chomhpháirtí den scoth i dtaca le Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta—de bharr an chúraim a dhéanann OPW den oiread sin de na láithreacha oidhreachta is áille in Éirinn, tugtar deis ar leith do dhaoine blaiseadh den saibhreas a bhaineann lenár ndúchas."

Buaicphointí Chlár Imeachtaí Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta OPW:

  • Téigh ar thuras Local Link to the Past agus bain úsáid as do thicéad Local Link chun saorchead isteach a fháil chuig láithreacha oidhreachta ar ghréasán Local Link. Tá na láithreacha seo a leanas i measc na láithreacha atá páirteach sa ghréasán: Cúirt agus Eastát Dhún ar Aill , Carraig Phádraig, Ionad Cuairteoirí agus Mainistir Ghleann Dá Loch agus Chluain Mhic Nóis, Na Gairdíní agus Caisleán Phort Omna, Mainistir Shligigh, Caisleán Dhún na nGall, Daingean Rinn Chorráin, Mainistir na hInse, Ionad an Bhlascaoid.
  • Beidh Lá Spraoi Teaghlaigh ar siúl in Ionad Cuairteoirí Ghleann Dá Loch, ina mbeidh turais threoraithe ar láthair na mainistreach, ceardlanna LEGO leis an ealaíontóir cáiliúil Jessica Farrell, beidh tochailt seandálaíochta ionsamhlaithe le Scoil Seandálaíochta na hÉireann, agus tógáil fál nádúrtha le Wicklow Willow.
  • Beidh turas speisialta stairiúil ar siúl ag Caisleán an Rois i gCo. Chiarraí chomh maith le siúlóid dúlra treoraithe ar Oileán an Rois, ag féachaint ar mhianadóireacht i ré na Cré-Umhaoise agus bithéagsúlacht.
  • Cath na Bóinne – Tabharfaidh léiriú um Laoch Living History Eastát an tSeandroichid chun beatha, áit a n-athchruthófar saol míleata na 17ú hAois, gaibhneacht agus neart eile. Cuirfear deireadh leis na himeachtaí le siúlóid ar láthair an chatha leis an staraí Tóla Collier
  • Beidh clár spéisiúil cultúrtha ar siúl i Mainistir Shligigh, ina measc, ‘Art in the Abbey’ (líníocht ghualaigh) agus ceol le The Cloister Boys, chomh maith le caint agus seisiún ceoil beo leis an gceoltóir agus staraí aitheanta, Gregory Daly.
  • Beidh Caisleán Bhaile Hac i Loch Garman mar a bheadh mol meánaoiseach ina reáchtálfar ceardlanna maidir le déanamh sciath agus cuirfidh Arrows Away Archery taispeántais bheo boghdóireachta ar siúl.
  • Beidh roinnt imeachtaí idirghníomhacha do theaghlaigh ar siúl ag Crannlann JFK ina measc, preableabharlann, “Books Among Trees” chomh maith le priontáil 3D agus róbataic LEGO, chomh maith le ceardlann chriadóireachta leis an gcriadóir Laura Barry a mheascann an nádúr le cruthaitheacht.
  • Bainfidh cuairteoirí taitneamh as dhá sheisiún cainte le léaráidí ag Daingean Rinn Chorráin i gCorcaigh: The Kinsale Railway Line: Past and Present” le Cathal Deasy agus “Séamus Breathnach – Cultural Nationalist” le Pádraig Walsh. Beidh na cainteanna seo ar siúl san Armlann um Púdar Gunna.
  • Ag Túr Raghnaill i gCo. Phort Láirge, tabharfar léargas ar lucht cabhlaigh a thug cuairt ar an gcathair le céad bliain anuas, agus reáchtálfaidh Caisleán Dhún Garbháin caint faoin mBóthar Iarainn ó Phort Láirge go Mala agus an stair a bhain leis in aimsir chogaidh.
  • Ag Ionad Cuairteoirí Theach an Chustaim, beidh meascán imeachtaí ar siúl, ar nós, turas idirghníomhach do pháistí agus ceardlann ailtireachta, chomh maith le Turas ‘Foundations’ speisialta ag iniúchadh an ról tábhachtach a bhí ag an bhfoirgneamh seo maidir le cruthú thírdhreach polaitíochta agus sóisialta na hÉireann.
  • Beidh turais i nGaeilge ar siúl in a lán láithreacha de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí ar fud na tíre, ina measc, Cúirt Dhún ar Aill, Co. Chorcaí, Caisleán Bhaile Átha Troim, Co. na Mí, Cúirt Ioma, Co. Laoise agus in a lán láithreacha i mBaile Átha Cliath, ar nós, Príosún Chill Mhaighneann, an Casino Marino, Páirc an Fhionnuisce, agus Teach agus Fearann Páirce Bhaile an Chaisleáin.

Féach ar heritageireland.ie chun níos mó eolais a fháil.


Bíonn urlabhraithe ó Oifig na nOibreacha Poiblí ar fáil i gcomhair agallaimh ar iarratas. Déan teagmháil le do thoil le pressoffice@opw.ie chun breis eolais a fháil agus agallamh a shocrú.

Lean muid ar Twitter @opwireland

Lean muid ar Facebook @opwireland

Lean muid ar Instagram @opwireland

Lean muid ar LinkedIn @Office of Public Works

NÓTAÍ

  • Beidh Saorchead isteach ar an 16 Lúnasa chuig gach láithreán de chuid OPW ina n-íoctar táille seachas Príosún Chill Mhaighneann agus Brú na Bóinne.
  • Beidh Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta ar siúl ón 16 go 24 Lúnasa 2025. Tá liosta iomlán de láithreacha OPW agus na himeachtaí a bheidh ar siúl ar fáil ag www.heritageireland.ie
  • Féach ar liosta iomlán d’imeachtaí Sheachtain na hOidhreachta ag heritageweek.ie
  • Nasc don Quiz - Quiz - Ainmnigh an Láthair Oidhreachta: https://forms.gle/H5Q6tYoJgQXzjtdJA
  • Nasc do thuras fíorúil Chath na Bóinne: https://realsee.ai/Y9vvAkmq

Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW)

Cuireann Oifig na nOibreacha Poiblí cóiríocht ar fáil do Sheirbhísí Rialtais chomh maith le cuid mhór de phunann réadmhaoine an Stáit a bhainistiú.

Déanann an Oifig cúram de 780 láthair oidhreachta, ina measc, séadchomharthaí náisiúnta, páirceanna stairiúla, gairdíní agus foirgnimh. Is í Oifig na nOibreacha poiblí príomhghníomhaireacht innealtóireachta an Rialtais agus cuireann sí seirbhís innealtóireachta ar fáil d’fheidhmeanna um Bainistiú Tuilte agus do Bhainistíocht Punann Eastáit de chuid OPW agus do Ranna Rialtais eile.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat