Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn OPW ‘Glasú’ Láithreacha Oidhreachta agus Foirgnimh Stáit le haghaidh na Féile Pádraig 2021

Tá áthas ar Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) i gcomhar le Fáilte Ireland agus Eagras na Féile Pádraig sonraí a fhógairt maidir le ‘glasú’ láithreacha Oidhreachta agus foirgnimh Stáit le linn na Féile Pádraig 2021. Tá an feachtas seo, a chomórann Lá Fhéile Pádraig agus a chuireann Éire chun cinn anseo agus ar fud an domhain, ag dul ó neart go neart, agus líon suntasach foirgneamh sainchomharthach ar fud an domhain ag ‘glasú’ chun an Fhéile seo a chur chun cinn. I mbliana, is é téama na Féile ná ‘Dúisigh Éire! Awaken Ireland!’ – tugtar cuireadh do chách na míonna fada dorcha a chaitheamh uainn agus aghaidh a thabhairt ar na laethanta geala atá romhainn.

Dúirt Patrick O’Donovan TD, Aire Stáit um OPW:

“Is geal leis an Oifig agamsa bheith páirteach arís ins an tionscnamh tábhachtach náisiúnta agus idirnáisiúnta seo a chomórann an oidhreacht chultúrtha ar leith atá againn agus a shoilsíonn solas ar Éirinn. Molaim do chách páirt a ghlacadh in imeachtaí na Féile Pádraig agus comóradh a dhéanamh mar náisiún ar na láithreacha Oidhreachta de cháil domhanda agus foirgnimh Stáit atá againn”.

Soilseoidh an OPW láithreacha Oidhreachta agus foirgnimh Stáit ar feadh tréimhse na féile – ó 12 go 17 Márta 2021 – trí úsáid a bhaint as scagairí glasa, lampaí speisialta agus córais rialaithe soilsithe atá ar fáil cheana.

Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíona, Gaeltachta, Spóirt agus Meáin, Catherine Martin TD: -

“Lárthréimhse cruthaíochta agus turasóireachta is ea seachtain na Féile Pádraig. Tá áthas orm go bhfuil liosta fada láithreacha agus foirgnimh náisiúnta le ‘glasú’ le haghaidh na Féile Pádraig agus táim buíoch as an tacú ó Oifig na nOibreacha Poiblí agus ón Aire O’Donovan. I mbliana, mar gheall ar COVID-19, is gá cur chuige difriúil maidir le clár na Féile 2021 – meascán imeachtaí lasmuigh, craolta, digiteach agus teicniúil.

Cé nach féidir cuid de na himeachtaí traidisiúnta a chur ar siúl agus cúrsaí mar atá, tugann Féile Pádraig 2021 deiseanna deifriúla um nuálaíocht soláthair. Agus Féile Pádraig ar líne i mbliana, tá deis dochreidte don náisiún agus don domhan bheith i dtús áite ag na himeachtaí ar fad agus cuirfidh glasú na láithreacha againn radharc taitneamhach ar fáil dúinn go léir.”

-CRÍOCH-

Um breis eolais déan teagmháil le pressoffice@opw.ie

Lean sinn ar Twitter @opwireland

Lean sinn ar Facebook @opwireland

Nótaí le haghaidh Eagarthóirí

Is iad seo a leanas na láithreacha Oidhreachta agus na foirgnimh Stáit a shoilseofar le linn na féile a mhairfidh cúig lá: -

Baile Átha Cliath (Cathair & Contae)

52 Faiche Stiofáin, (Oifig OPW Bhaile Átha Cliath)

Áras an Uachtaráin

Casino Marino

Dún Uí Choileáin

Teach an Chustaim

Caisleán Bhaile Átha Cliath – Clós Íochtarach & Clós Uachtarach)

An Roinn Fiontar, Tráchtála & Fostaíochta (Sr Chill Dara)

Eastát Farmleigh – An Túr Uisce

Na Ceithre Cúirteanna

Tithe an Rialtais

Teach Uíbh Eachach, Faiche Stiofáin

Teach Cúirte Chill Mhaighneann

Príosún Chill Mhaighneann – Bealach Isteach

Teach Laighean

Foirgnimh Shráid Maoilbhríde

An Ceoláras Náisiúnta (NCH)

An Dánlann Náisiúnta, Bealach Isteach Shráid Mhuirfean

An Leabharlann Náisiúnta, Sraíd Chill Dara

An Músaem Náisiúnta, Sraíd Chill Dara

Músaem Stair an Dúlra

An Féinics, Ascaill Chesterfield, Páirc an Fhionnuisce

Caisleán Ráth Fearnáin

Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann (An Clogtheach),

Faiche Stiabhna (Bealach Isteach, taobh Óstán Shelbourne)

Co. An Chláir

Teach Cúirte Inse, Inis

Mainistir Inse, Inis

Mainistir Chuinche, Cuinche

Co. Chorcaí

Cúirt Dhún ar Aill, Dún ar Aill

Co. Dhún na nGall

Caisleán Dhún na nGall, Dún na nGall

Co. Na Gaillimhe

Caisleán Bhaile Átha an Rí, Baile Átha an Rí

Co. Chiarraí

Caisleán an Rois, Cill Airne

Co. Chill Dara

Teach Bhaile an Chaisleáin, Cill Droichid

Co. Chill Chainnigh

Caisleán Chill Chainnigh, Cill Chainnigh

Co. Luimnigh

Mainistir Eas Géitine

Caisleán Deasumhan, Áth Dara

Caisleán Deasumhan, An Caisleán Nua

Co. Na Mí

Caisleán Bhaile Átha Troim, Baile Átha Troim

Co. Ros Comáin

An Mhainistir, Mainistir na Búille

Co. Sligigh

An Mhainistir, Sligeach

Co. Thiobraid Árann

Caisleán na Cathrach, An Chathair

Caisleán Urumhan, Carraig na Siúire

Carraig Phádraig, Caiseal