Fógraíonn OPW go ndúnfar Sceilg Mhichíl ar feadh an tséasúir 2020
- Foilsithe: 15 Bealtaine 2020
- An t-eolas is déanaí: 15 Bealtaine 2020
Inniu d’fhógair Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) nach n-osclófar do chuairteoirí an suíomh Oidhreachta Domhanda ar Sceilg Mhichíl mar gheall ar imní faoi Covid – 19. Bhí an suíomh oidhreachta ar an Oileán le hoscailt ar 15 Bealtaine ach ní tharlóidh sé sin anois. I bhfianaise na srianta leanúnacha ar shuíomhanna turasóireachta a athoscailt, atá le tosú i gcoitinne i gCéim 1 tar éis 18 Bealtaine, chinn OPW, i gcomhairle leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, nach raibh sé indéanta sábháilteacht chuairteoirí agus foirne a chinntiú ar Sceilg Mhichíl, agus go gcaithfear an tOileán a dhúnadh ar chuairteoirí an samhradh seo. Tá sé i gceist ag OPW scrúdú cothabhála a dhéanamh an tseachtain seo chugainn nuair a rachaidh foireann teicniúil Séadchomharthaí Náisiúnta ar an Oilean don chéad uair i mbliana.
Tá Sceilg Mhichíl 12 km ó chósta Chiarraí agus ní féidir teacht ann ach ar bháid; ní féidir leis na báid ach 12 duine a iompar agus turas amháin a dhéanamh gach lá le linn an tséasúir. Dúirt urlabhraí OPW inniu: “Dar linn, tá an turas go Sceilig Mhichíl an-dúshlánach maidir le priacail Covid-19 a áireamh. Ar bhád atá de shíor ag bogadh agus ag luascadh, tá iliomad greamán a bhéarfaidh paisinéirí greim orthu agus freisin cuidiú díreach de dhíth orthu ag dul ar bord an bháid agus ag dul i dtír ar an gcé. Faoi na cúinsí seo, tá sé fíordheacair tras-seoladh víris a chosc agus ní féidir sábháilteacht phaisinéirí a chinntiú.” Bheadh sé fíordheacair freisin aonrú sóisialta a chleachtadh ar an oileán. Mar gheall ar na bealaí cúnga chun na Mainistreach bheadh sé fíordheacair do chuairteoirí dul thar a chéile le bearna 2 mhéadar eatarthu agus sábháilteacht a chinntiú le linn a gcuairt.
Chomh maith leis na priacail do chuairteoirí, mheas OPW freisin go bhfuil priacail suntasacha don bhfoireann Treoraithe ar an oileán. Dúirt an t-urlabhraí: “Tá áiseanna cóiríochta ar an Oileán an-teoranta agus is gá don bhfoireann cónaí gar dá chéile agus áiseanna níocháin agus leithris a roinnt. Ina theannta sin, is dóichí go dtarlódh sé go minic le linn an tséasúir go gcaithfeadh Treoraithe cabhrú le cuairteoirí a dtiocfadh tinneas orthu agus céadchabhair a thabhairt dóibh. Is léir go n-éireodh deacrachtaí suntasacha i gcás mar seo, le dlúth-theagmháil riachtanach agus teorainn ar áiseanna uisce agus níocháin”.
Is le drogall a tháinig OPW ar an gcinneadh seo, mar gheall ar an áit ícónach atá ag Sceilig Mhichíl in aigne chuairteoirí agus aigne mhuintir na hÉireann araon. Toisc gur Suíomh Oidhreachta Domhanda UNESCO é glacadh comhairle ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir leis an gcinneadh. Dúirt an t-urlabhraí OPW: “Tuigimid go fíormhaith chomh luachmhar is atá Sceilig Mhichíl don oiread sin daoine, mar láthair turasóireachta sa cheantar mórthimpeall agus i gCiarraí Theas ar an iomlán. Tá imní orainn faoin dtionchar eacnamaíoch ach níl an dara rogha againn ach na treoirlínte um shláinte an phobail a fheidhmiú chomh maith agus is féidir chun cuairteoirí agus an fhoireann a choimeád slán le linn na héigeandála seo.”
Láthair suntasach do chuairteoirí sa cheantar is ea Ionad Eispéiris na Sceilige ag An Caladh. Tá sé seo faoi stiúir ag dream príobháideach faoi Cheadúnas OPW; maraon le cuid mhór áit eile dá leithéid tá sé dúnta ó 26 Márta. Bhí OPW i dteagmháil leis an lucht stiúrtha a dheimhnigh go mbeidh sé dúnta go ceann i bhfad; táthar ag súil gur féidir é a oscailt níos déanaí sa samhradh, faoi réir ag na cúinsí reatha agus ag nós imeachta um Fhilleadh ar Obair go Sábháilte a fhoilsigh an Rialtas an tseachtain seo caite.
Ag tagairt ar fhógra OPW, dúirt an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan TD:
“Tuigimid an díomá a éireoidh ón gcinneadh seo. I gcomhthéacs shláinte an phobail, agus mar gheall ar na socruithe rochtana ar leith a bhaineann leis an Suíomh Oidhreachta Domhanda ar Sceilig Mhichíl, níl aon dul as an gcinneadh seo um shábháilteacht na mbádóirí, na gcuairteoirí agus na dtreoraithe OPW. Tá mórán tairbhe le baint as an earnáil oidhreachta maidir le téarnamh náisiúnta ón éigeandáil Covid. Beidh an Roinn agamsa ag obair i ndlúthpháirt le OPW agus le bainisteoirí oidhreachta eile san am atá romhainn amach, maidir le suíomhanna oidhreachta a oscailt go sábháilte de réir a chéile chomh luath agus atá na cúinsí oiriúnach chuige sin”.
-CRÍOCH-
Um breis eolais déan tragmháil leis an OPW ag pressoffice@opw.ie