English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn OPW Grianstad an Gheimhridh ag Brú na Bóinne 2021

Inniu, d’fhógair Oifig na nOibreacha Poiblí nach ndéanfar an Crannchur Bliantúil um thicéid do Ghrianstad an Gheimhridh, toisc go bhfuil an Tuama Pasáiste Neoiliteach fós dúnta ar an bpobal.

De bhrí gur éirigh chomh maith leis anuraidh, déanfar beoshruth arís ar Éirí na Gréine um Ghrianstad taobh istigh den tuama. Ar an gcaoi seo féadfaidh na sluaite daoine an ócáid iontach seo a fheiceáil sa bhaile pé áit ar domhan atá siad.

Tugann an t-athrú seo deis breise um thionscadal taighde i gcomhar leis an tSeirbhís Náisiúnta Séadchomharthaí sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Féadfar solas geimhridh na gréine a rianú, a thomhas agus a fhaire le linn dó a theacht isteach sa phasáiste tríd an bhosca sa díon, agus a chinneadh conas a imríonn an gath solais ar an tuama de réir mar a ghluaistear chuig an Grianstad agus ansin mar a ghluaistear tharais.

Tabharfar tuilleadh eolais faoin ócáid bheoshrutha ins na seachtainí atá romhainn.

-CRÍOCH-

Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie

Lean sinn ar Twitter @opwireland

Faigh sinn ar Facebook @opwireland

Lean sinn ar Instagram @opwireland

Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works

Nótaí le haghaidh eagarthóirí

Grianstad an Gheimhridh:

Is é Grianstad an Gheimhridh a chinneann an lá is giorra agus an oíche is faide sa bhliain. Ins an Leathsféar Thuaidh, tarlaíonn Grianstad an Gheimhridh ar 21 nó 22 Nollaig, nuair a ghealann an ghrian díreach os cionn Thrópaic an Ghabhair. Um éirí na gréine ar an lá is giorra sa bhliain, ar feadh 17 nóiméad, féadfaidh solas díreach na gréine a theacht isteach ar thuama Bhrú na Bóinne, ní tríd an doras, ach tríd an oscailt speisialta os cionn an dorais ar a thugtar an ‘díonbhosca’, chun an seomra a shoilsiú.

Faoi Threoirlínte Athchóirithe an Rialtais, tá an tIonad Cuairteoirí agus Brú na Bóinne ar oscailt do chuairteoirí. Is tríd an Ionad Cuairteoirí amháin atá rochtain; tá sé ar oscailt gach lá ó 9:30 go 17:30. Ní foláir áirithint a dhéanamh ar líne roimhré; imíonn an turas deireanach ar 15:20.

Um breis eolais agus áirithint ar líne féach Heritage Ireland.