English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn OPW mar shonraí Oscailte Lidar a gabhadh mar chuid de Thionscadail um Bainistiú Priacal Tuile

D’fhoilsigh Oifig na nOibreacha Poiblí Lidar a gabhadh mar chuid de na tionscadail um Bainistiú Priacal Tuile mar Shonraí Oscailte faoin cheadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International trí Amharcóir Sonraí Oscailte Topagrafach Shuirbhé Géolaíochta Éireann, atá ar fáil tríd an nasc seo: anseo

Cuimsíonn na sonraí mórán limistéar uirbeach agus cósta ar fud Éireann; féadfar é a úsáid, le creidiúint, le haghaidh tionscadail tráchtála agus neamhthráchtála. Clúdáitear na príomhlimistéir uirbeacha in Éirinn agus cuid mhór den chósta Thoir agus Thoir-Theas.

Bailítear sonraí Lidar le brathadóir léasar ar eitleán nó ar shaitilít. Gintear scamall pointí agus cruthaítear mapa digiteach a léiríonn ardaithe talún ar ghréasán rialta. Tá achar cealla 2 nó 5 mhéadar, mar sin tá na pointí 2m (nó 5m) óna chéile ar ghréasán rialta. Úsáidtear na sonraí seo ar réimse bogearraí, mar shampla, GDAL (www.gdal.org) agus QGIS (www.qsis.org)

Dúirt Patrick O’Donovan, T.D., Aire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW):

"Tá áthas orm go bhfuil OPW ag soláthar na sonraí seo le creidiúint um thionscadail tráchtála agus neamhthráchtála mar thacú le Straitéis an Rialtais um Shonraí Oscailte. Tá na sonraí seo sárluachmhar agus toisc go bhfuil sé ar fáil saor tugtar deiseanna nua um thaighde agus nuálaíocht ins na réimsí a chuimsíonn sé agus cuidíonn sé le táirgí agus teicnící atá ann cheana a fheabhsú.”

Ullmhaíodh na sonraí ar dtús don Staidéar Straitéise um Chosaint Chósta Éireann (SSCCÉ) agus an clár um Measúnú agus Bainistiú Priacal Tuile Abhantraí (MBPTA), ag OPW agus, don SSCCÉ, Roinn na Mara, DCENR agus an Roinn Talmhaíochta Bia agus na Mara. Dhein OPW obair bhreise chun tacar sonraí aonair a chruthú mar chuid den chlár Modheolaíochta Meastacháin Tuile d’Éirinn (MMTÉ).

Thug Suirbhé Géolaíochta Éireann an tAmharcóir Sonraí Oscailte Topagrafach chun cinn in 2018; cuimsíonn sé réimse mór sonraí ó GSI, Bonneagar Iompair Éireann (TII), an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS) agus dreamanna eile.

Féach an mapa thíos chun an réimse sonraí OPW atá ar fáil anois a fheiceáil.

-CRÍOCH-