Glacfaidh OPW le ‘Caisleán Iarla Dheasumhan, Áth Dara ’ mar ainm ar Chaisleán cáiliúil
- Foilsithe: 2 Nollaig 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
D’fhógair Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) go bhfuil sé ar intinn glacadh leis an ainm ‘Caisleán Iarla Dheasumhan, Áth Dara’ ar an gcaisleán cáiliúil atá suite i sráidbhaile Áth Dara i gContae Luimnigh.
Dúirt Patrick O’Donovan, TD áitiúil agus Aire um Oifig na nOibreacha Poiblí:
“Le fada an lá tá Caisleán Iarla Dheasumhan luaite leis an gcaisleán seo ag muintir na háite. Tá cinneadh déanta ag OPW, Caisleán Iarla Dheasumhan, Áth Dara, a úsáid mar ainm chun críche oifigiúla feasta. Leis an athrú seo, chinn OPW an nós ainmnithe atá in úsáid ag láithreacha eile a úsáid in Áth Dara”.
Déanfar an t-athrú anois ar chomharthaíocht, suíomhanna gréasáin, ábhar foilsithe agus meáin shóisialta OPW.
Dúirt an tAire go leanfaidh sé leis ag tabhairt aird ar thábhacht na turasóireachta i réigiún an Lár-Iarthair, agus go mbainfidh sé feidhm as a ról OPW chun na bailte ar fud na tíre ina bhfuil suíomhanna stairiúla á mbainistiú ag OPW a chur chun cinn.
-CRÍOCH-
Um breis eolais déan teagmháil le Cumarsáid OPW ag pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland
Nótaí le haghaidh Eagarthóirí:
• Go stairiúil, luaitear an caisleán in Áth Dara leis na Gearaltaigh, Iarlaí Dheasumhan ó lár na 1300idí anuas.
• Tá Caisleáin Iarlaí Dheasumhan eile faoi chúram OPW ag Eas Géitine, Cionn tSáile agus An Caisleán Nua (Co Luimnigh).