English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Grianstad an Gheimhridh á cheiliúradh ag an Aire O’Donovan ag Sí an Bhrú

Rinne an tAire atá freagrach as Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP), Patrick O’Donovan, T.D. grianstad an gheimhridh a cheiliúradh ag Láithreán Oidhreachta Domhanda EOECNA Bhrú na Bóinne inniu. D’aithin sé an tábhacht shiombalach thar na bearta a bhaineann leis an séadchomhartha ársa seo a ailíníonn leis an ngrianstad sa chaoi go soilsítear an taobh istigh, ag tabhairt léas dóchais i gcomhair tús nua agus bliana nua.

Thug an tAire O’Donovan aitheantas d’fhís Oifig na nOibreacha Poiblí agus iad i mbun cúraim do Shí an Bhrú, agus mhol an tAire an obair iontach a rinne seandálaithe, ailtirí agus an fhoireann i rith na bliana ag gach ceann de na réadmhaoine stairiúla agus na séadchomharthaí náisiúnta atá faoi chúram an Stáit.

Bhailigh na mílte ar fud an domhain chun féachaint ar bheoshruthú na hócáide, faoi threoir Clare Tuffy ó Oifig na nOibreacha Poiblí, Bainisteoir Bhrú na Bóinne, agus an seandálaí agus réalteolaí an Dr Frank Prendergast. Rinne tráchtaireacht chroíúil, spéisiúil na beirte cúiteamh ar shon easpa na ngathanna gréine le breacadh an lae. Roinn siad a gcuid eolais ar dhaoine ó Adelaide go Béal Feirste, agus ó Doha go Eureka, California, agus tugadh deis do dhaoine ó gach cearn taitneamh a bhaint as an bhfeiniméan réalteolaíoch seo i dteannta a chéile. I mbliana, cé go raibh an tuama pasáiste dúnta arís de réir threoirlínte an Rialtais maidir le Covid-19, bhí gné bhreise ag baint leis an gcraoladh inar fháiltigh líon beag cuairteoirí taobh amuigh den tuama, atá ansin le 5,000 bliain, roimh cheiliúradh ghrianstad an gheimhridh.

Is feiniméan réalteolaíoch é Grianstad an Gheimhridh a cheiliúrann an lá is giorra agus an oíche is faide sa bhliain. Sa Leathsféar Thuaidh, tarlaíonn Grianstad an Gheimhridh ar an 21 nó an 22 Nollaig, nuair a scalann an ghrian go díreach os cionn Thrópaic an Ghabhair. Ar feadh 17 nóiméad, ag éirí na gréine ar an lá is giorra sa bhliain, is féidir le solas na gréine scaladh díreach isteach sa séadchomhartha ag Sí an Bhrú, ní tríd an doras, ach tríd an oscailt bheag a cruthaíodh d’aon ghnó os cionn an bhealaigh isteach, ar a dtugtar ‘bosca an dín’, ag leathadh an tsolais ar fud an tSeomra.

Bhí tábhacht thar na bearta ó thaobh na réalteolaíochta ag baint le hailíniú gréine an tuama pasáiste ag Sí an Bhrú sa chaoi go bhfuil a aghaidh iompaithe ar éirí na gréine ar lá ghrianstad an gheimhridh. Cuireann anailís a rinneadh ar íomhánna ardtaifigh a rinneadh le linn chlár taighde na bliana seo caite leis an bhfianaise láidir gur d’aon ghnó a cruthaíodh soilsiú gréine an tuama.

Déanfaidh Oifig na nOibreacha Poiblí i gcomhpháirtíocht le Seirbhísí Séadchomharthaí Náisiúnta de chuid na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta beoshruthú ar éirí gréine amháin eile as Sí an Bhrú ar maidin an 22 Nollaig ag 8:45.Is féidir an ócáid seo a fheiceáil maidin amárach ar gov.ie/newgrange.

Tá na físeáin a bhaineann leis an ngrianstad le fáil ar chainéal YouTube OOP ag an nasc seo: youtube.com/c/OpwIe.

-CRÍOCH

Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie

Lean sinn ar Twitter @opwireland

Faigh sinn ar Facebook @opwireland

Lean sinn ar Instagram @opwireland

Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works