Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Grianstad an Gheimhridh á cheiliúradh ar fud an domhain trí nasc beoshrutha draíochtúil

Inniu, chuir Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) fáilte roimh bhuaiteoirí chrannchur Ghrianstad an Gheimhridh na bliana seo chuig Sí an Bhrú. Tugadh deis ar leith dóibh siúd éirí na gréine a fheiceáil laistigh den seomra adhlactha seanda. Thaistil an dream seo, a raibh an t-ádh orthu, ó Chontae an Dúin, Baile Átha Cliath, Luimneach agus i láthair chomh maith, bhí daoine ó áiteanna níos faide i gcéin, ón nGearmáin, ón Ríocht Aontaithe agus ó Stáit Aontaithe Mheiriceá rud a léiríonn an tóir atá ar an ócáid seo go hidirnáisiúnta.

D’eagraigh Oifig na nOibreacha Poiblí i gcomhar leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta nasc beoshrutha don ócáid, rud a thug deis do lucht féachana ó gach cearn den domhan éirí gréine ghrianstad an gheimhridh a fheiceáil ag an Láithreán Oidhreachta Domhanda UNESCO seo.

Ar maidin, bhí an spéir geal agus glan, chonaic an lucht féachana solas na gréine ag scaladh isteach sa séadchomhartha ársa trí bhosca an dín agus ar feadh an phasáiste agus  ag leathadh isteach sa seomra adhlactha. Bhailigh na céadta le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh lasmuigh den séadchomhartha agus bhí lúcháir an Ghrianstaid le mothú ina measc.

20251221_091636 A

Dúirt an tAire Stáit atá Freagrach as Oifig na nOibreacha Poiblí, Kevin “Boxer” Moran: “Tá lúcháir orm a bheith anseo inniu chun fáilte a chur chuig Sí an Bhrú roimh bhuaiteoirí chrannchur Ghrianstad an Gheimhridh agus cuirim fáilte roimh gach duine atá ag breathnú isteach trínár nasc beoshrutha. Ceiliúrann Grianstad an Gheimhridh an lá is giorra agus an oíche is faide sa bhliain sa Leathsféar Thuaidh. Is am i gcomhair machnaimh agus athnuachana é Grianstad an Gheimhridh agus is ócáid ​​an-suntasach agus speisialta í seo ina bhfágaimid slán ag na hoícheanta fada dorcha agus fáiltímid roimh an mbliain nua le dóchas.


Breis eolais le fáil ach teagmháil a dhéanamh le pressoffice@opw.ie

Lean muid ar Twitter @opwireland

Lean muid ar Facebook @opwireland

Lean muid ar Instagram @opwireland

Lean muid ar LinkedIn @Office of Public Works

Nótaí:

Grianstad an Gheimhridh

Is feiniméan réalteolaíoch é Grianstad an Gheimhridh a cheiliúrann an lá is giorra agus an oíche is faide sa bhliain. Sa Leathsféar Thuaidh, tarlaíonn Grianstad an Gheimhridh ar an 21 nó an 22 Nollaig, nuair a scalann an ghrian go díreach os cionn Thrópaic an Ghabhair. Ar feadh 17 nóiméad, ag éirí na gréine ar an lá is giorra sa bhliain, is féidir le solas na gréine scaladh díreach isteach sa séadchomhartha ag Sí an Bhrú, ní tríd an doras, ach tríd an oscailt bheag, ar a dtugtar ‘bosca an dín’, a cuireadh os cionn an bhealaigh isteach d’aon ghnó, chun solas a leathadh istigh sa seomra adhlactha.

Ní féidir dul isteach chuig láithreán Shí an Bhrú ach trí Ionad Cuairteoirí Bhrú na Bóinne, a bhíonn ar oscailt go laethúil. Chun breis eolais a fháil agus áirithint a dhéanamh ar líne, tabhair cuairt le do thoil ar heritageireland.ie.

Tá taifeadtaí de na himeachtaí beoshruthanna i 2020, 2021, 2023 agus an lae inniu ar fáil ar chainéal YouTube Oifig na nOibreacha Poiblí the OPW's YouTube channel.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat