English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

‘Intervals of Peace’: Ealaín Phríosúin Chogadh na gCarad le Alfred McGloughlin

Taispeántas nua portráidí ó Chogadh na gCarad ag Músaem Phríosún Chill Mhaighneann

Tá áthas ar Mhúsaem Phríosún Chill Mhaighneann agus Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) INTERVALS OF PEACE a fhógairt – taispeántas úrnua portráidí ó Chogadh na gCarad nach bhfacthas cheana ó Alfred McGloughlin, príosúnach agus ealaíontóir. Osclófar an taispeántas ar an Déardaoin 31 Márta agus leanfaidh sé go dtí an Mháirt 25 Deireadh Fómhair ag Músaem Phríosún Chill Mhaighneann. Seolfaidh Charlotte Groarke, iníon Alfred McGloughlin, an taispeántas.

Ar 21 Deireadh Fómhair 1922, le linn Chogadh na gCarad, ghaibh fórsaí an tSaorstáit Alfred McGloughlin ina theach féin agus tugadh é chuig Beairic Wellington i mBaile Átha Cliath. Chaith sé an bhliain dar gcionn mar phríosúnach polaitiúil, i mBeairic Wellington agus ina dhiaidh sin ar an gCurrach, agus ar deireadh i bPríosún Mhuinseo, áit ar saoradh é ar 13 Deireadh Fómhair 1923. Cé go raibh sé gníomhach i gcoinne an Chonartha, níor cuireadh coir ar bith ina leith. Tugadh drochíde dó le linn a phríosúntachta ach mar adúrthas tar éis a bháis in 1932, fuair sé freisin ‘seal síochána sa phríosún, i mbun uiscedhathanna agus portráidí le peannluaidhe dá chomrádaithe’. Don chéad uair riamh, taispeánfar 39 portráid le Alfred McGloughlin i bPríosún Chill Mhaighneann mar chomóradh céad bliain ar Chogadh na gCarad.

Ba nia é Alfred McGloughlin leis na deartháireacha Pádraig agus Liam Mac Piarais, ceannairí 1916, agus d’fhás sé suas ina dteaghlach siúd. Bhí sé páirteach níos déanai i riaradh Scoil Éanna, an scoil a bhunaigh Pádraig Mac Piarais. Bhí post aige mar línitheoir le J & C McGloughlin Ltd., gnó miotail mhaisiúil le muintir a athar, agus dhein sé staidéar páirtaimseartha ag Scoil Ealaíne Chathair Bhaile Átha Cliath.

Bhí spéis aige freisin san amharclann, mar ar scríobh sé agus ghlac sé páirt in iliomad drámaí. Chuaigh sé isteach in Óglaigh na hÉireann agus bhí sé páirteach i dteacht na n-arm go Binn Éadair in 1914. Ba é an stiúrthóir toghchán ag Sinn Féin i mBaile Átha Cliath Theas in 1918 agus 1921, agus sheas sé mar iarrathóir ins na toghcháin áitiúla in 1920. Nuair a saoradh ó phríosún é bhunaigh sé comhlacht tógála; nuair a theip air seo fuair sé post mar línitheoir in Oifig na nOibreacha Poiblí. Bhí sé gníomhach i gcónaí mar iriseoir polaitiúil agus ba mhinic é ag scríobh don nuachtán poblachtach ‘An Phoblacht’. Níor bhisigh a shláinte riamh ón tréimhse i bpríosún agus in 1932 cailleadh é ó ghalar croí in aois 44.

Seolfar an taispeántas ag 18.30 ar an Déardaoin 31 Márta.

Um breis eolais agus íomhánna ardghléine, déan teagmháil le Brian Crowley, Músaem Phríosún Chill Mhaighneann ag 01-4535984 nó brian.crowley@opw.ie.

CRÍOCH

Nótaí le haghaidh Eagarthóirí

• Tá Príosún Chill Mhaighneann ar Bhóthar Inse Chór, Baile Átha Cliath 8; tá sé ar oscailt ó 9.30am go 5.30pm (cead isteach deireanach 5pm) gach lá.