English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ionad nua Cuairteoirí ag Teach an Chustaim a léiríonn stair, ailtireacht agus trádáil Éireann le 230 bliain anuas

Inniu, 15ú Samhain 2021, d’oscail an tAire Darragh O’Brien, an tAire Patrick O’Donovan agus Paul Kelly, POF Fáilte Ireland ionad nua cuairteoirí 230 bliain ó chéadosclaíodh Teach an Chustaim i mBaile Átha Cliath; léirítear ann tógáil, dóiteán agus athchóiriú an fhoirgnimh chailiúil seo. Thug an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an tionscadail chun cinn i gcomhar le Fáilte Ireland agus Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW).

Laistigh den fhoirgneamh a chruthaigh James Gandon tá taispeántas a chruthaigh dearthóirí a bhfuil gradaim buaite acu; imeasc a saothar tá taspeántais ag Caisleán Chill Chainnigh agus Caisleán Bhaile Átha Cliath. Tá saothar ann ó lucht staire agus acadúil aitheanta, a ríomhann scéal daonna, oidhreachta agus staire thar 200 bliain.

Úsáidtear gach spás ar leith chun caibidil den scéal a insint, ó Bhaile Átha Cliath ins na 17óidi déanacha anuas go dtí an 21ú aois, taobh istigh de cheann de na foirgnimh is íocónaí sa chathair.

Beidh Ionad Cuairteoirí Theach an Chustaim mar phríomhláthair do chuairteoirí i gceantar Dugthailte na cathrach, le taispeántais a léiríonn stair shaibhir an fhoirgnimh agus an ailtireacht ar leith a bhaineann leis. Is le maoiniú ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta a cuireadh an tionscadal i bhfeidhm, le hinfheistíocht bhreise ó Fáilte Ireland trí Chomhpháirtíocht Straitéiseach le OPW.

Is i limistéar iomlán láir an fhoirgnimh atá an t-ionad cuairteoirí; úsáidtear modhanna léirmhínithe chun scéal Theach an Chustaim a insint. Sé Teach an Chustaim an foirgneamh rialtais is sine in Éirinn a ceapadh uime sin.

Dúirt an tAire Darragh O’Brien

“Osclaíodh Teach an Chustaim in 1791 agus thóg sé deich mbliana é a thógáil. Ar dtús bhí sé mar cheanncheathrú ag na Coimisinéirí Custaim agus Mál; faoin bhfichiú aois ba é lároifig an rialtais áitiúil in Éirinn. Mar phríomhláthair riaracháin na Breataine in Éirinn, chuir an IRA tré thine é ar an 25ú Bealtaine 1921; gníomh lárnach i gCogadh na Saoirse. Chinn rialtas Saorstáit Éireann ar é a athchóiriú, obair a críochnaíodh faoi 1928. Is ceart dúinn stair shaibhir an fhoirgnimh bhreá seo a aithint agus onóir a thabhairt dó le taispeántas nuaoiseach. Tá áthas orm an tIonad álainn Cuairteoirí seo a oscailt do mhuintir na hÉireann agus do chuairteoirí ón iasacht.”

Dúirt an tAire Patrick O’Donovan

“Tabharfaidh oscailt Ionad Cuairteoirí Theach an Chustaim inniu deis do chách mioneolas a chur ar thaibhseacht an fhoirgnimh íocónach seo agus a fháil amach conas a bhí Teach an Chustaim páirteach i stair na hÉireann agus é ag breathnú amach ar chathair Bhaile Átha Cliath le 230 bliain anuas."

Dúirt Paul Kelly, Príomh-Fheidhmeannach ag Fáilte Ireland

“Cuireann infheistíocht i dtarraingtí de cháilíocht domhanda mar Ionad Cuairteoirí Theach an Chustaim leis an dturasóireacht éagsúil atá ar fáil i mBaile Átha Cliath. Is geal le Fáilte Ireland tacú leis an bhforbairt seo i gceann de na foirgnimh is íocónaí i mBaile Átha Cliath. Cuireann sé beocht le scéal na cathrach agus meallfaidh sé cuairteoirí, muintir na hÉireann agus turasóirí iasachta araon, chun cuairt a thabhairt ar Bhaile Átha Cliath, an chathair a chuardach agus tréimhsí breise a chaitheamh ann ins na blianta atá romhainn."

Ón uair a osclaíodh Teach an Chustaim in 1791, tá sé mar lárionad rialtais agus pholasaí agus ar feadh blianta fada bhí sé mar mhol trádála.

Tugtar cuairteoirí ar thuras scéalach tríd an bhfoirgneamh féin, ag díriú ar an ailtireacht taibhseach; úsáidtear tuarascálacha pearsanta agus déantáin chun scéal an fhoirgnimh agus na cathrach a insint ó na 1700óidí go dtí an lá inniu.

Léiríonn an taispeántas cuid de na himeachtaí is tábhachtaí i stair na hÉireann – Éirí Amach na Cásca in 1916, chruthú Shaorstát Éireann agus ansin Poblacht na hÉireann. Léirítear dóiteán Theach an Chustaim i mBealtaine 1921 trí léirmhiniúchán físamhairc agus déantáin ón dtréimhse sin.

Beidh Ionad Cuairteoirí Theach an Chustaim ar oscailt don phobail i mí na Samhna 2021. Tá gach eolas ar fáil ag heritageireland.ie

CRÍOCH

Um breis eolais, déan teagmháil le: Sean Dunne, Preas-Oifigeach, RTRAO Sean.dunne@housing.gov.ie / 087 246 4366

Dorothea Depner, Preas-Oifigeach, OPW Dorothea.depner@opw.ie / 087 947 5552

Trudi McDonald, Oifigeach Cumarsáide, Fáilte Ireland Trudi.mcdonald@failteireland.ie / 086 067 3964

Nótaí don Eagarthóir

OPW

Seirbhísí do Chuairteoirí

Bainistíonn OPW breis agus 70 láthair do chuairteoirí ar fud na tíre, Carraig Phádraig i gCaiseal, Dún Aonghasa agus Teach Bhaile an Chaisleáin ina measc, agus i mBaile Átha Cliath tá Príosún Chill Mhaighneann, Caisleán Bhaile Átha Cliath agus Músaem an Phiarsaigh.

Tá liosta iomlán láithreacha OPW ag heritageireland.ie maraon le sonraí faoi uaireanta oscailte, riachtanais áirithinte, sonraí teagmhála, etc. Cuardaigh eolas faoi na láithreacha ar leith roimh thaisteal duit, mar tá srianta fós i bhfeidhm ar láithreacha ar leith.

Oibreacha Athchóirithe Theach an Chustaim

Mar ullmhú do chuimhneachán céad bliain ar dhóiteán Theach an Chustaim i mí na Bealtaine 1921, dhein Seirbhísí Caomhnaithe agus Seirbhísí Cothábhála Foirgnimh (SCF) OPW oibreacha cothabhála ar an dtaobh amuigh de Theach an Chustaim.

Ar na hoibreacha sin bhí glanadh agus athphointeáil ar na céimeanna agus pábháil eibhir, péinteáil ar 315 méadar ráillí iarainn, athchóiriú iomlán na bhfuinneoga cois Life, peinteáil 536 fuinneog agus doras lasmuigh, agus glanadh agus deisiú ar an aghaidh cloiche.

Dhein SCF an obair thosaigh ar Ionad Cuairteoirí Theach an Chustaim sular ar thosaigh na príomhoibreacha, agus srianta COVID-19 mar bhac lena linn sin. Úsáideadh saineolas agus scileanna SCF chun na fuinneoga agus doirse lasmuigh a athchóiriú, ar mhodhanna traidisiúnta siúinéireachta, agus chun doirsílaistigh a uasghrádú. Ina measc siúd, bhí obair ar na doirse téice 20ú aoise le painéil phráis agus gloine, le cúnamh ó Conservation Letterfrack. Deineadh na hoibreacha seo ar an láthair agus i gceardlann SCF ag Dún Uí Choileáin, ina raibh siúinéirí, gloineadóirí agus péintéirí páirteach.

Fáilte Ireland

Is é Fáilte Ireland an tÚdarás Náisiúnta um Fhorbairt Turasóireachta. Is é ról Fáilte Ireland ná tacú le fás inbhuanaithe fadtéarmach na turasóirerachta i saol eacnamaíoch, sóisialta, cultúrtha agus comhshaoil na hÉireann. Tá tábhacht ar leith leis an dturasóireacht maidir leis an eacnamaíocht náisiúnta, forbairt réigiúnach agus fostaíocht. Roimh Covid-19, ghin an earnáil ioncam €7.5billiún gach bliain, ag tacú le 260,000 post ar fud na tíre agus ag cur €1.7billiún isteach sa Státchiste.

Oibrímid i gcomhpháirtíocht leis an Rialtas, gníomhaireachtaí Stáit, Údaráis Áitiúla, grúpaí ionadaíocha agus lucht tionscail chun turasóireacht ar fud na Éireann a fhorbairt, trí pleananna agus líonraí forbartha a chruthú, agus infheistíocht i mbonneagar, imeachtaí, tarraingtí do chuairteoirí agus féiltí. Tugann Fáilte Ireland freisin léargais tomhaltóra agus ceannaitheora, meantóireacht, tacaithe gnó, cláir oiliúna agus ardáin ceannaitheora mar chúnamh do ghnóthais turasóireachta um nuálú agus fhorbairt.

Tacaíonn Fáilte Ireland le Turasóireacht Gnó, ag obair chun mórchomhdhála, cruinnithe agus imeachtaí móra a reachtáil in Éirinn.

Táimid freagrach freisin as margaíocht saoire baile trasna na gceithre branda réigiúnacha: Slí an Atlantaigh Fhiáin, Oirthear Ársa Éireann, Croíthailte Ceilte Éireann agus Baile Átha Cliath.