Kilmainham Unlocked - Taispeántas nua ag Príosún Chill Mhaighneann
- Foilsithe: 30 Iúil 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Um an athoscailt i ndiaidh srianta Covid-19, tá taispeántas speisialta ag Músaem Phríosún Chill Mhaighneann ina bhfuil saothar ealaíine agus nithe comórtha eile a bhaineann le feachtas neamhspleáchais na hÉireann. Ní rabh cuid mhór de na taisí seo ar taispeáint le fada nó níor cuireadh ar taispeáint phoiblí riamh iad.
Imeasc na nithe ar taispeáint tá dhá dhealbh brád leis an dealbhóir James Power. Léiríonn ceann acu Edward Daly, duine de cheannairí Éirí Amach na Cásca a cuireadh chun bháis i bPríosún Chill Mhaighneann ar 4 Bealtaine 1916. Léiríonn an dara ceann Peadar Kearney, an fear a scríobh focail an amhráin náisiúnta agus a bhí páirteach in Éirí Amach 1916 agus i gCogadh na Saoirse.
Píosa eile atá ar taispeáint ná mionsamhal den chuimhneachán i bPáirc an Fhionnuisce ar an gceannaire 1916 Seán Heuston, leis an dealbhóir Laurence Campbell. Cuireadh Heuston chun bháis freisin i gCill Mhaighneann; in 1938 tionóladh lá oscailte sa Phríosún , a bhí díomhaoin an uair sin, chun cuid den airgead le haghaidh an chuimhneacháin a sholáthar.
Ar taispeáint freisin tá mionsamhal deilbhe Anne Devlin, leis an ealaíontóir Clodagh Emoe, a sheasann anois i Rath Fhearnáin. Ba é Coiste Emmet & Devlin a chuir an dealbh seo suas in 2003 chun cothrom dhá chéad bliain Éirí Amach Emmet a chomóradh; thugadar an maquette seo ar iasacht le haghaidh an taispeántais. Bhí Anne Devlin i bPríosún Chill Mahighneann ar feadh roinnt bliain agus in ainneoin tarcasine níor scéith sí ar Emmet ná ar a lucht leanúna. Tá a dealbh i Ráth Fhearnáin ar cheann den dornán dealbh a léiríonn mná i mBaile Átha Cliath.
Chomh maith le Kilmainham Unlocked tá taispeántais eile a lonnaiodh sa mhúsaem le linn dó bheith dúnta. Tá taispeántas ar The Forgotten Ten a cuireadh chun bháis i bPríosún Mhoinseó le linn Chogadh na Saoirse. Tá taispeántais nua a bhaineann le marú Dick McKee, Peadar Clancy agus Conor Clune i ndiadh Domhnach na Fola i mí na Samhna 2020, chomh maith le lámhach Seán Treacy ar Shráid Thalbóid ar 11 Deireadh Fómhair 1920. Ba é 2020 freisin cothrom dhá chéad bliain ó osclaíodh Teach Cúirte Chill Mhaighneann, a comóradh le taispeántas a léiríonn an scéal a bhain le réabhlóid a thionscnaigh Daniel O’Connell ag cruinniú Saorshealbhóirí Bhaile Átha Cliath ansin i mí na Nollag 1820.
Dúirt Coimeádaí na mBailiúchán ag Músaem Phríosún Chill Mhaighneann, Brian Crowley:
“Thaispeáin an dúnadh le linn na srianta nach bhfuil an Músaem agus na bailiúcháin ann beo ach nuair is féidir linn iad a roinnt le cuairteoirí. Leis an taispeántas Kilmainham Unlocked theastaigh uainn píosaí nach raibh ar taispeáint le blianta fada anuas a chur os comhair an phobail mar bhealach chun fáilte a chur roimh dhaoine ar ais chugainn.”
Tá cead isteach saor in aisce chuig Músaem Phríosún Chill Mhaighneann, agus chuig na láithreacha oidhreachta uile atá faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí, go deireadh na bliana 2021. Más mian leat turas treoraithe a thabhairt is gá áirithint roimhré ag www.kilmainhamgaolmuseum.ie. Más mian leat na taispeántais amháin a fheiceáil seol ríomhphost chuig kilmainhamgaol@opw.ie
Um breis eolais agus íomhánna ardchaighdeáin, déan tragmháil le Brian Crowley, ag 086 8079071 nó ag brian.crowley@opw.ie
CRÍOCH
Nótaí le haghaidh Eagarthóirí
Tá Músaem Phríosún Chill Mhaighneann suite ar Bhóthar Inse Chór, Baile Átha Cliath 8, ar oscailt ó 9.30am go 5.30pm (cead isteach deireanach 5pm), gach lá den tseachtain.