English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Feachtas 2025 “Bí Bródúil as an Áit Seo” á sheoladh ag Leave No Trace Ireland chun an Saol Taobh Amuigh in Éirinn a Chosaint

Sheol Leave No Trace Ireland a fheachtas bliantúil “Bí Bródúil as an Áit Seo" inniu, ina n-iarrtar ar an bpobal teacht le chéile chun tírdhreacha nádúrtha saibhre na hÉireann a chosaint, chun gur féidir linn go léir taitneamh a bhaint astu de réir mar a dhruideann séasúr an tsamhraidh linn. Tá an feachtas feasachta náisiúnta ar siúl anois le cúig bliana anuas agus tacaíonn comhpháirtithe leis - an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Oifig na nOibreacha Poiblí, Coillte, Spórt Éireann, Uiscebhealaí Éireann, Comhairle Contae Chill Mhantáin, Comhairle Contae na Gaillimhe, Comhairle Contae an Chláir agus Comhairle Cathrach Chorcaí ina measc - a bhfuil siad go léir tiomanta do chaitheamh aimsire agus maoirseacht comhshaoil fhreagrach a chur chun cinn.

Tá níos mó daoine ná mar a bhí riamh ag iarraidh ceangal leis an dúlra - trí shiúlóireacht, snámh, madraí a shiúl agus taiscéalaíocht - neartaítear i bhfeachtas "Bí Bródúil as an Áit Seo" na bliana seo an teachtaireacht shimplí: “Má tá tú bródúil as an áit seo, ná fág lorg”

Leave No Trace Campaign

An Gá atá le Cosaint

Tá an tóir atá ar an domhan mór faoin spéir in Éirinn tar éis dul i méid go mór le blianta beaga anuas, agus baineann 98%* de mhuintir na tíre taitneamh as am a chaitheamh sa dúlra. Ach tá dúshláin cruthaithe mar sin féin ag líon níos mó daoine: creimeadh bealaigh, caitheamh bruscair, salú ag madraí, cur isteach ar an bhfiadhúlra, agus méadú ar fhalscaithe - a mbaineann 96%** díobh le gníomh an duine.

“Tá ár dteachtaireacht soiléir,” a dúirt Maura Kiely, POF Leave No Trace Ireland, “Tá páirt le glacadh againn go léir sna háiteanna agus san fhiadhúlra a thaitníonn linn a chaomhnú. Tugtar cuireadh san fheachtas seo do gach duine a bhfuil taitneamh á bhaint acu as an domhan taobh amuigh an samhradh seo, idir siúlóirí taithíocha agus úinéirí madra, chun bearta airdeallacha a dhéanamh chun ár dtírdhreacha nádúrtha a chosaint.”

Buaicphointí an Fheachtais:

Tabharfar an méid seo a leanas isteach in "Bí Bródúil as an Áit Seo" i rith an tsamhraidh:

● Feachtas scéalaíochta digití ina mbeidh glórtha daoine ó áiteanna ar fud na hÉireann: feirmeoirí, siúlóirí, úinéirí madra, agus grúpaí pobail.

● Imeachtaí ar an talamh agus laethanta glanta a chuirfear ar siúl le húdaráis áitiúla agus grúpaí comhshaoil.

● Tionscnaimh oideachais agus sraitheanna straitéisí meán sóisialta don lucht tionchair, scoileanna, agus comhpháirtithe turasóireachta.

Dul i mbun Gnímh

Roinntear trí ghníomh shoiléire ar féidir leis an bpobal tabhairt fúthu i bhfeachtas "Bí Bródúil as an Áit Seo" 2025:

  1. Bí freagrach le do mhadra - Coimeád madraí ar iall, go háirithe timpeall ar ainmhithe feirme agus fiadhúlra, agus glan suas a salachar i gcónaí.
  2. Cosain an fiadhúlra agus áiteanna fiáine - Tabhair an bruscar go léir abhaile leat, ná tabhair bia d’ainmhithe fiáine, agus breathnaigh ar an bhfiadhúlra ó fhad sábháilte.
  3. Fan ar an gcosán - Ná siúil ach ar bhealaí marcáilte lena sheachaint díobháil a dhéanamh do ghnáthóga nó cur isteach ar ainmhithe, iad siúd a fheictear agus nach bhfeictear.

Freagracht atá orainn go léir

“Níl ár dtalamh díreach álainn - tá sí beo,” a dúirt Kiely freisin. “Tugann sí beatha dúinn, foscadh don bhithéagsúlacht, agus ceanglaíonn sí ár bpobail. Níl srian i gceist le meas a léiriú uirthi, tá aire agus freagracht i gceist leis. Táimid an-bhuíoch as an bpobal agus ár gcomhpháirtithe as tacú le "Bí Bródúil as an Áit Seo" - iarraimid ar gach duine dul i mbun gnímh agus a bheith páirteach sa ghluaiseacht mar gheall gur féidir linn leanúint le taitneamh a bhaint astu amach anseo má dhéanaimid na háiteanna a bhfuilimid bródúil astu a chosaint.”

Dúirt an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, TD, “Tá tírdhreacha nádúrtha na hÉireann i measc ár seoda náisiúnta is luachmhaire – cothaíonn siad ár bpobail, tacaíonn siad le geilleagair thuaithe, agus cuireann siad spásanna ríthábhachtacha ar fáil do chaitheamh aimsire agus folláine. Tá meas a léiriú ar an timpeallacht nádúrtha i gcroílár Téigh Amach Faoin Aer, an Straitéis Náisiúnta Caitheamh Aimsire faoin Aer 2023-2027. Glacann an feachtas 'Bí Bródúil as an Áit Seo' le príomhról maidir leis an bhfreagracht atá orainn as aire a thabhairt do na háiteanna seo a mheabhrú dúinn go léir. De réir mar a chaitheann níos mó daoine am taobh amuigh, tá sé bunriachtanach go ndéanaimid é sin ar bhealach a chosnaíonn an timpeallacht do na glúnta amach anseo agus caithfimid a chinntiú nach mbíonn an timpeallacht nó daoine eile thíos le díobháil ná caillteanas mar gheall ar ár ngníomhartha, go háirithe ár madraí.

Chun níos mó a fhoghlaim nó chun páirt a ghlacadh, téigh go dtí: www.leavenotraceireland.org/love-this-place


Chun teacht ar eolas breise, déan teagmháil le: Donna Parsons, donna@thinkhousehq.com, 0860405228

Tagairtí

*baineann 98%* de mhuintir na tíre taitneamh as am a chaitheamh sa dúlra: Baineadh an figiúr seo ó Shuirbhé Pulse na Príomh-Oifige Staidrimh (an CSO) a rinneadh idir Aibreán agus Bealtaine 2022. Deimhníodh sa suirbhé gur thaitin sé le 98% d’fhreagróirí am a chaitheamh taobh amuigh, a leagann béim ar thábhacht spásanna nádúrtha i measc dhaonra na hÉireann. ​An Phríomh-Oifig Staidrimh

**De réir Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) an Choimisiúin Eorpaigh, is gníomhartha an duine is cúis le 96% d’fhalscaithe san Aontas Eorpach. Tugtar an figiúr chun solais ina dtuarascáil ó Shamhain 2023 dar teideal "Wildfires in the EU: 2022 was the second-worst year, a warning from a changing climate". Leagtar béim sa tuarascáil gurb iad gníomhartha an duine an phríomhchúis le falscaithe san AE, cé go gcuireann athrú aeráide le dálaí dóiteáin. Cé go bhfuil staitisticí sonracha náisiúnta d’Éirinn teoranta, d’eisigh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (an DAFM) rabhaidh ina leagtar béim ar an mbaol mór i leith falscaithe de bharr ghníomhartha an duine.

Nótaí d’Eagarthóirí:

Eolas faoi Leave No Trace Ireland: Is eagraíocht neamhbhrabúsach é Leave No Trace Ireland atá tiomanta do chaitheamh aimsire taobh amuigh freagrach a chur chun cinn trí oideachas, taighde, agus comhpháirtíochtaí. Glactar lena phrionsabail go fairsing ar fud earnálacha taobh amuigh, turasóireachta, agus caomhnaithe na hÉireann.

Eolas faoi “Bí Bródúil as an Áit Seo 2025”: Feachtas feasachta poiblí náisiúnta é "Bí Bródúil as an Áit Seo 2025" de chuid Leave No Trace Ireland ina spreagtar daoine taitneamh a bhaint as an domhan mór taobh amuigh in Éirinn go freagrach. Ag cur leis an rath a bhí ar bhlianta roimhe seo, cuirtear i bhfeachtas na bliana seo leis an gceangal mothúchánach idir daoine agus áiteanna - a thugann chun solais go múnlaíonn an bealach a chaithimid leis an dúlra inniu todhchaí an dúlra do na glúnta amach anseo. Cuirfear an feachtas i gcrích le “An Lá Bí Bródúil as an Áit Seo lá" an 28 Iúil, a bheidh ar siúl ar an lá céanna le Lá Caomhnaithe Dúlra an Domhain. Spreagann Leave No Trace Ireland daoine tríd an bhfeachtas “Bí Bródúil as an Áit Seo” chun gníomhartha simplí a dhéanamh chun spásanna taobh amuigh na hÉireann a chosaint agus meas a léiriú orthu.

Eolas faoi Chomhpháirtithe Feachtais “Bí Bródúil as an Áit Seo 2025”:

Is é Spórt Éireann an t-údarás a bhfuil an dualgas air an spórt a fhorbairt in Éirinn. Oibríonn Spórt Éireann Amuigh faoin Spéir, feidhm de chuid Spórt Éireann, le líon mór comhlachtaí spóirt agus eagraíochtaí eile le spóirt éagsúla amuigh faoin spéir a fhorbairt agus a chur chun cinn, chun tacú le bealaí caitheamh aimsire ar fud na hÉireann a fhorbairt, a fhorbraítear le níos mó daoine a a spreagadh a bheith gníomhach sa domhan mór faoin spéir.

Is í an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin laistigh den Roinn Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta atá freagrach go príomha as caomhnú an dúlra, cosaint an fhiadhúlra agus cosaint agus caomhnú ár bPáirceanna Náisiúnta agus Anaclann Dúlra.

Is é misean na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta forbairt tuaithe agus pobail a chur chun cinn agus tacú le pobail bheoga, chuimsitheacha agus inbhuanaithe ar fud na hÉireann. Gníomhaíonn an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta mar Rúnaíocht do Chomhairle na Tuaithe – ina bhfuil ionadaithe ó eagraíochtaí feirmeoireachta, úsáideoirí caitheamh aimsire na tuaithe agus comhlachtaí stáit a bhfuil freagracht orthu as an tuath nó spéis acu inti. Tacaíonn Comhairle na Tuaithe le Ná Fág Lorg.

Oifig rialtais í Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) a sholáthraíonn seirbhísí poiblí do chosaint ar thuilte, a bhainistíonn réadmhaoin rialtais agus seirbhísí oidhreachta. Croíchuid dá shainordú is ea an réadmhaoin oidhreachta is íocónaí in Éirinn a chothabháil agus a chur i láthair, an dá Láithreán Oidhreachta Domhanda in Éirinn, 780 séadchomhartha náisiúnta agus breis agus 2,000 acra de ghairdíní agus d’fhearann páirce ina measc. Mar an phríomhghníomhaireacht bainistíochta riosca i gcás tuilte in Éirinn, íoslaghdaíonn an OPW an tionchar a imríonn tuile trí phleanáil inbhuanaithe. Bainistíonn sé cuid mhór de phunann réadmhaoine an Stáit freisin agus cuireann sé cóiríocht ar fáil do ranna rialtais, breis agus 700 Réadmhaoin an Gharda Síochána agus thart ar 550 oifig.

Is é Uiscebhealaí Éireann an t-údarás loingseoireachta trasteorann atá freagrach as bainistiú, cothabháil, forbairt, agus cur chun cinn breis agus 1000 ciliméadar d’uiscebhealaí intíre inseolta, go príomha do chuspóirí caitheamh aimsire.

​​​Tá Coillte, cuideachta foraoiseachta stáit na hÉireann, freagrach as 440,000 heicteár de thailte ar a ndéantar foraoiseacht go príomha, a bhainistiú. Is é Coillte an foraoiseoir agus an soláthraí is mó de spás caitheamh aimsire taobh amuigh sa tír. Cumasaíonn sé freisin fuinneamh gaoithe ar an eastát, próiseálann sé fotháirgí foraoiseachta agus tugann sé faoi thionscadail athshlánaithe dúlra ar scála. Cuireann Coillte tairbhí iolracha na foraoiseachta ar fáil, foraois don aeráid, don dúlra, d’adhmad agus do dhaoine ina measc. Chun teacht ar eolas breise, tabhair cuairt ar www.coillte.ie.

Is í Comhairle Contae na Gaillimhe an t-údarás atá freagrach as rialtas áitiúil i gContae na Gaillimhe.

Is í Comhairle Cathrach na Gaillimhe an t-údarás atá freagrach as rialtas áitiúil i gCathair na Gaillimhe.

Is í Comhairle Contae an Chláir an t-údarás atá freagrach as rialtas áitiúil i gContae an Chláir.

Is í Comhairle Cathrach Chorcaí an t-údarás atá freagrach as rialtas áitiúil i gCathair Chorcaí.

Is í Comhairle Contae Chill Mhantáin an t-údarás atá freagrach as rialtas áitiúil i gContae Chill Mhantáin.