Na Ceithre Chúirteanna - Deisiú ar an Díon Cruinneachán
- Foilsithe: 16 Lúnasa 2021
- An t-eolas is déanaí: 23 Meán Fómhair 2021
Achoimre an tionscadail go dtí seo
Mar is léir dóibh siúd a bhíonn ag taisteal ar chéanna Bhaile Átha Cliath, tá an scafall atá timpeall ar dhíon cruinneachán na gCeithre Chúirteanna le cúpla bliain anuas á bhaint anuas de réir a chéile.
Chríochnaigh OPW oibreacha scrúdaithe agus deisithe ar Dhíon Cruinneachán na gCeithre Chúirteanna ag deireadh mhí Iúil 2021. Bainfear anuas an scafall le linn tréimhse sosa na gcúirteanna Lúnasa/Meán Fómhair 2021, ionas nach gcuirfear isteach rómhór ar an tSeirbhís Chúirteanna.
Is gá obair dheisithe breise ar an maisiú cloiche a thacaíonn an Díon Cruinneachán. Déanfar athbhreithniú ar an scrúdú; táthar ag súil go lorgófar conradh oibre go luath in 2022 agus go dtosnóidh an obair i bhfómhar na bliana céanna.
Cúlra:
In 2011, thit ceann de na clocha maisithe ar dhíon na gCeithre Chúirteanna thíos. Ba ghá líontán a chur isteach chun an priacal práinneach a mhaolú, le linn chlár oibre deisithe a leagan amach.
Cuireadh scafall teoranta isteach in áiteanna áirithe, chun go bhféadfaí scrúdú a dhéanamh ar chúis, réimse agus suíomh na díobhála struchtúrtha. Ba léir go raibh gá le scafall iomlán a thógáil, agus tosaíodh ar an obair sin in Eanáir 2015.
Réimse an Tionscadail:
Ba é réimse tosaigh an tionscadail:
- Scafalra a thógáil
- An chloch a dheisiú
- Scrúdú a dhéanamh ar an tacú cruaidhe os cionn na gcloch maisithe agus deisiú nó athshuíomh mar ba ghá
- Deisiú an gháitéir ag bun an chruinneacháin agus rochtain sábháilte um chothabháil a shuíomh
- Scrúdú ar an gcruinneachán coincréite, atá anois breis agus 90 bliain d’aois, agus cosaint ar chuid de neartú an chruinneacháin choincréite.
Chomh luath agus a bhí an scafall suite, thosaigh mionanailís ar gach cloch ar leith. Ag an am céanna, suiteadh an córas cosanta ar neartú cruaidhe an chruinneacháin choincréite.
Fuarthas amach go raibh rian den bhunmhaisiú spéirghorm taobh thíos den dromchla coincréite, agus go raibh gá le cosaint ar an mogalra neartaithe cruaidhe. Cuireadh dromchla cosanta nua ar an gcruinneachán chomh maith le deisiú plástair agus an bunmhaisiú ar an gcruinneachán uachtarach a athshuíomh.
Déanadh mionscrúdú ar struchtúr tacaithe an Chruinneacháin Íochtaraigh (síleáil an Halla Chruinn) ionas go mb’fhéidir leis glacadh le meáchan na gcloch os a chionn.
Ardaíodh go cúramach na clocha nua – Cloch Portland le greanadh fíorchasta – ón urlár thíos amach ar an scafall. Toisc an drochbhail a bhí ar na seanchlocha bhí imní faoi chonas a ghlacfadh na clocha leis an ualach ón gcruinneachán. Ba ghá scrúdú breise struchtúrtha a dhéanamh chun a chinntiú go mbeadh na clocha slán sábháilte agus ag an am céanna an leagan amach stairiúil bunúsach a chaomhnú.
Le linn na hanailíse seo déanadh obair bhreise um dheisiú agus um chothabháil; baineadh amach aisfalt a bhí creimnithe agus cuireadh isteach luaidhe ina áit, rud a lig an bunsaothar cloiche a léiriú.
Dhéan saoir chloiche oilte deisiú ar imeall iomlán an chruinneacháin agus baineadh amach crampaí iarainn ba chúis le scoilteanna ins na clocha.
Obair atá fós le déanamh:
Agus na clocha bunaidh á mbaint amach, ba léir nach amháin ar an imeall a bhí díobháil orthu, ach bhí díobháil freisin ar an lár ba thaca leis an ualach cruinneacháin.
Sa chéad chéim eile den obair, déanfar níos mó de na clocha taca sin a bhaint amach agus a scrúdú, agus ansin déanfar deisiú nó athshuíomh de réir inmharthanacht struchtúrtha na cloiche láir. Caithfear freisin an uileann cruaidhe os cionn na gcloch a dheisiú nó a athshuíomh.
Táthar ag súil go lorgófar conradh oibre go luath in 2022 agus go dtosnóidh an obair i bhfómhar na bliana céanna.
Fuair foireann tionscadail OPW, ar a raibh ailtirí caomhnaithe, innealtóirí struchtúrtha agus riarachán tionscadail, cúnamh ó Harrison Goldman Independent Stone Consultants agus Punch Consulting Engineers. Fuarthas comhairle freisin ón Scoil Chéimithe um Staidéir Ghairmiúil Innealtóireachta i gColáiste na Tríonóide.
Maoiniú:
Meastar gur €5.8m costas na hoibre go deireadh na bliana seo; baineann trian den suim seo le costas an scafalra.
-CRÍOCH-
Nótaí le haghaidh Eagarthóirí
Stair:
Tógadh na Ceithre Chúirteanna idir 1776 agus 1796. Sa chogadh chathartha in 1922, bhí Fórsaí Frith-Chonartha i seilbh an fhoirgnimh. Déanadh an-díobháil don Chruinneachán Seachtrach agus Inmheánach mar gheall ar dhóiteán de dheasca bhuamála artiléire. Scriosadh an díon adhmaid agus cuid mhór den fhoirgneamh, laistigh agus lasmuigh. Dhéan Oifig na nOibreacha Poiblí, faoi stiúradh T.J. Byrne, Príomh-Ailtire, athchóiriú cuimsitheach a críochnaíodh in 1932.
Ar an obair seo bhí cruinneachán coincréite neartaithe agus fráma cruaidhe mar thaca leis an síiléail san Halla Cruinn agus an urlár os a chionn. Tógadh 24 colún nua de chloch Portland. Coinníodh na barrchinn ó na seancholúin le deisiú nuair ba ghá sin.
Mar chuid den obair ins na 1920idí cuireadh uileann taca cruaidhe lasmuigh ar imeall an fhoirgnimh, ach tháinig creimeadh air seo agus deisíodh é ins na 1940idí. Bogadh níos cóngaraí isteach é freisin agus cuireadh clúdach nua coincréite air.