Beidh Oifig na nOibreacha Poiblí ag cur taispeántais idirghníomhacha agus mealltacha ar fáil ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta 2025 i gCo. Uíbh Fhailí
- Foilsithe: 8 Meán Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 8 Meán Fómhair 2025
Beidh Oifig na nOibreacha Poiblí ag cur taispeántais idirghníomhacha agus mealltacha ar fáil ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta 2025 i gCo. Uíbh Fhailí
16 – 18 Meán Fómhair 2025
Tá lúcháir ar Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) a fhógairt go mbeidh siad i láthair ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta sa Tulach Mhór i gCo. Uíbh Fhailí arís i mbliana. Beidh rud éigin ar siúl a mbainfidh gach duine taitneamh as, ar nós, turais Oidhreachta fíorúla, taispeántais de mhionsamhail faoisimh tuilte déanta as lego, ceardlanna bithéagsúlachta chomh maith le heolas faoi earcaíocht d’Oifig na nOibreacha Poiblí.
Is é an téama i gcomhair Chomórtas Náisiúnta Treabhdóireachta na bliana seo – ná Pobal - ‘Do Rialtas, Do Phobal’. Tá lúcháir ar Oifig na nOibreacha poiblí a bheith páirteach in imeacht a thabharfaidh deis do dhaoine, do ghrúpaí agus do theaghlaigh tuiscint níos fearr a fháil ar an gcaoi a dtéann ár gcuid oibre chun tairbhe dá bpobal áitiúil, an t-am atá thart á chaomhnú agus an todhchaí á cosaint.
Dúirt Kevin “Boxer” Moran, an tAire Stáit le freagracht as Oifig na nOibreacha Poiblí: ‘Is imeacht tábhachtach inár bhféilire náisiúnta atá sa Chomórtas Náisiúnta Treabhdóireachta a thugann daoine de gach aois agus cúlra le chéile. Tá lúcháir orm go mbeidh Oifig na nOibreacha Poiblí i láthair chun eolas a thabhairt don phobal faoin obair a dhéanaimid agus chun ár ndea-oibreacha sna pobail ar fud na tíre a chur ar taispeáint. Mholfainn dóibh siúd a bheidh ag an gcomórtas cuairt a thabhairt ar sheastán Oifig na nOibreacha Poiblí, beidh a lán taispeántas idirghníomhach agus spraíúil ar siúl, ar nós, taispeántais um scéimeanna faoisimh tuilte déanta as lego agus taispeántais fhíorúla dár láithreacha Oidhreachta. Is cinnte go mbeidh rud éigin ann do gach duine chun taitneamh a bhaint as”.
Beidh taispeántais chaomhnaithe praiticiúla ar siúl chun eolas a thabhairt dóibh siúd a bhfuil spéis mhór acu sa dúlra ionas go mbeidh siad ábalta a dtearmann bithéagsúlachta féin a thógáil sa bhaile. Beidh deis ag cuairteoirí treoracha agus líníochtaí soiléire a fháil chun tearmann a athchruthú sa bhaile do ghráinneoga, nó éin nó ialtóga nó ulchabháin nó cibé neach eile atá ina gcuid gairdíní.
Beidh deis ag cuairteoirí spéaclaí fíorúla a chaitheamh agus cuairt fhíorúil a thabhairt ar na láithreacha Oidhreachta is iomráití in Éirinn. Ar an gcaoi seo, tabharfar an stair chun beatha ar bhealach ar leith. Seo a leanas cuid de na láithreacha a bheidh san áireamh, Achaidh Chéide, láthair Chath na Bóinne, Brú na Bóinne agus Caisleán Chill Chainnigh.
Ba chóir duit cuairt a thabhairt ar ‘Engineering in Action’ agus eolas a fháil faoin mbealach a gcuidíonn an eolaíocht chun tuilte a chosc. Úsáidfidh ár gcuid innealtóirí in Oifig na nOibreacha Poiblí taispeántas lego chun an próiseas a mhíniú. Molaim go láidir duit cuairt a thabhairt ar an taispeántas seo.
Má tá suim agat i bhfostaíocht le hOifig na nOibreacha poiblí, labhair le ball don fhoireann Acmhainní Daonna (HR) agus tabharfaidh siad comhairle duit maidir le réimse gairmeacha beatha spreagúla atá ar fáil, ar nós, deiseanna do phrintísigh ar ár gclár printíseachta agus deiseanna do chéimithe ar ár gclár innealtóireachta Iarchéime den scoth. Tá réimse ról oibríochtúil ar fáil chomh maith, ar nós, treoraithe, garraíodóirí agus mar sin de agus tugann siad seo ar fad tacaíocht ríthábhachtach i dtaca le reáchtáil láithreacha Oidhreachta Oifig na nOibreacha Poiblí.
Tabhair cuairt ar sheastán Oifig na nOibreacha Poiblí i mBloc 3, Ró 14, Seastán 274.
Chun breis eolais a fháil, féach ar https://www.gov.ie/en/office-of-public-works/campaigns/opw-ploughing-championships/
Bíonn urlabhraithe ó Oifig na nOibreacha Poiblí ar fáil i gcomhair agallaimh ar iarratas. Déan teagmháil le do thoil le pressoffice@opw.iechun breis eolais a fháil agus agallamh a shocrú.
Lean muid ar Twitter @opwireland
Lean muid ar Facebook @opwireland
Lean muid ar Instagram @opwireland
Lean muid ar LinkedIn @Office of Public Works
NÓTAÍ
Chun eolas a fháil faoin méid atá ar siúl in Ionad Rialtas nah Éireann (Government of Ireland village), tabhair cuairt ar gov.ie/ploughing, nó téigh chuig ceann dár gcuid mol nuair a thagann tú chuig an ionad.
Earcaíocht - Todhchaí Níos Fearr a Chruthú
Tá réimse ról oibríochtúil ar fáil chomh maith, ar nós, treoraithe, garraíodóirí agus mar sin de agus tugann siad seo ar fad tacaíocht ríthábhachtach i dtaca le reáchtáil láithreacha Oidhreachta Oifig na nOibreacha Poiblí.
Eispéireas um Réaltacht Fhíorúil VAM Domhanda (The Global VAM VR)
Molaimid d’aon duine atá ar cuairt ag an gComórtas Treabhdóireacht in éineacht le duine muinteartha atá ag dul in aois cuairt a thabhairt ar ár seastán, agus tabharfar deis dóibh dul siar sa stair ag baint úsáid as Réaltacht Fhíorúil (VR).