Osclaíonn Mary Robinson 1845: Memento Mori le Paula Stokes ag Halla Phádraig – Caisleán Bhaile Átha Cliath
- Foilsithe: 21 Iúil 2022
- An t-eolas is déanaí: 16 Lúnasa 2022
Inniu (21 Iúil), seolann Iar-Uachtarán na hÉireann, Mary Robinson, 1845: Memento Mori – cuimhneachán tiomnaithe chuig An Gorta Mór in Éirinn – i Halla Phádraig, Caisleán Bhaile Átha Cliath. Ar bhord lom simplí tá 1,845 prátaí bána gloine, láimhshéidte ag an ealaíontóir Paula Stokes. Tá siombail agus brí doimhin le brath ins an áit seo, áit a bhí ina lárionad saibhris agus cumhachta tráth go raibh ocras, imirce forleathan agus duainéis lasmuigh de gheataí an Chaisleáin.

Faoi na pictiúirí síleála a léiríonn fís rathúnais in Éirinn faoi riail na Sasamach, tugtar ar ais sinn chuig an bhliain 1845, an uair a thainig an dubh ar na prátaí in Éirinn agus na torthaí marfacha a tháinig dá éis sin: memento mori. Dúirt cuairteoir amháin agus é ag cur síos ar ócáid amháin i Halla Phádraig i lár an Ghorta:
‘Bhí sé ait radharc chomh taibhsiúil a fheiceáil i dtír atá in umar an ghorta agus na haimléise’.
177 mbliain ina dhiaidh sin, léirítear an contrárthacht lom seo le taispeántas Stokes anseo. Mar a raibh taibhse tráth, tá léiriú lom an ghorta agus na duánéise. Mar a raibh na bochtáin fágtha lasmuigh, anois tá fáilte rompu isteach. Léirítear scéal na ndaoine ba laige i stair na hÉireann ins an áit nach raibh cead isteach tráth ach ag an dream ba chumhachtaí – siombal corraitheach dúshlánach den ocras imeasc na raidhse.
Ag cur béim ar thábhacht an taispeántais seo ins na Seomraí Stáit, dúirt an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, T.D.:
“Agus Caisleán Bhaile Átha Cliath faoin ár gcúram, tá dualgas orainn in OPW liomad gné na háite seo i stair ne hÉireann a léiriú. Idir 1845 agus 1852, fuair breis agus milliún duine bás agus d’imigh breis agus milliún eile thar sáile chuig Meiriceá Thuaidh agus an Astráil. Ach le linn blianta an Ghorta, ba é Halla Phadraig croílár an tsaoil sóisialta ag an uasaicme in Éirinn. Faoin síleáil ornáideach anseo, tharla féastaí agus damhsaí, agus cuairt na Banríona Victoria in 1849. Bhí mustar agus rathúnas istigh, ach lasmuigh de gheataí an Chaisleáin ní raibh ach an bás agus an duainéis.
Díríonn Memento Mori ar an éagothromacht seo. Cuirtear i gcuimhne dúinn íospartaigh an Ghorta, tugtar dúshlán dúinn machnamh a dhéanamh ar leochaileacht na beatha agus gach is féidir linn a dhéanamh um a chinntiú ná tarlóidh a leithéid arís, i bhfianaise na ngéarchéim daonnúla ar fud an domhain inniu.”
Dúirt an t-ealaíontóir Paula Stokes:
“Is onóir liom an saothar ealaíne seo a chur os cóir an phobail ar an láthair siombalach seo. Rinne mé an chéad phráta gloine breis agus 18 mbliana ó shin, agus mé ar imirce i Meiriceá, mar chuimhneachán ar chompord agus ar mhuintireas mó thíre dhúchais. Is ‘teacht abahile’ é an taispeántas a thabhairt anseo chuig Caisleán Bhaile Átha Cliath. Anseo, ag an taispeántas Coming Home, chonaic mé an pictiúr le F.J. Davis a léirigh damhsa taibhseach i Halla Phádraig.”
“Uaidh seo shocraigh mé cuimhneachán níos leithne ar an nGorta a chruthú, chun léargas a thabhairt ar an tragóid, ar an iomarca agus an truaillíocht, ar an smachtú agus an chumhacht, orthusan a bhí thuas agus orthusan a bhí thíos sa saol. Anseo i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, rinneadh cinntí a d’athraigh saol, tírdhreach agus todhchaí ár dtíre agus ár muintire. Is siombal é an práta gloine ar bhia agus ocras, ar leochaileacht agus soghontacht. Tá sé chomh tábhachtach aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht bia inniu agus a bhí sé 170 bliain ó shin.”
Um breis eolais agus grianghraif den taispeántas i Halla Phádraig le Barry Cronin, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Beidh grianghraif ar fáil ó Photocall Ireland info@photocallireland.com. Seolfar an taispeántas ag 18:30 ar 21 Iúil i Halla Phádraig, ins na Seomraí Stáit, Caisleán Bhaile Átha Cliath.
Lean muid ar @opwireland
Aimsigh muid ar @opwireland
Lean muid ar Instagram @opwireland
Lean muid ar LinkedIn @Office of Public Works
Eolas
Áit: Na Seomraí Stáit, Caisleán Bhaile Átha Cliath
Dátaí: 22 Iúil – 23 Lúnasa 2022, gach lá 9:45 go 17:45 (cead isteach deireanach ag 17:15)
Cead Isteach: in áirithe le cead isteach chuig na Seomraí Stáit
Naisc : www.1845mementomori.com - https://vimeo.com/585674270
Nótaí
In May 2021, this exhibition opened at Strokestown Park House in County Roscommon. It was also shown at Johnstown Castle Estate in County Wexford, the American Folk Park, Ulster Museum in County Tyrone, and the National Museum of Ireland - Country Life in County Mayo. It will be shown at the Irish Workhouse Centre in Portumna, County Galway later this summer.
Paula Stokes was born and grew up in in Ireland and emigrated to the USA after college. She graduated from the National College of Art and Design, Dublin, Ireland with a bachelor’s degree in Glass Design. She also has a Certificate in Glassmaking and Technology from the Dudley College of Technology, UK. Stokes received the Milnora Roberts Scholarship for Academic Excellence in Printmaking from the University of Washington, Seattle, Washington.
She has exhibited extensively internationally, with exhibitions including 1845: Memento Mori at the Jefferson County Museum of Art and History, Port Townsend and METHOD Gallery, Seattle (2019), Design and Literature Showcase, CIACLA, Los Angeles (2019), Solas: Light Inspires Glass, Morean Arts Center, Florida (2017), Into The Field, The Model Contemporary Art Center, Sligo (2014), Future Beauty at the National Craft Gallery, Kilkenny (2013), Critical Selection, Royal Hibernian Academy, Dublin, Collect 2012, Saatchi Gallery, London, Engaging with Glass, Traver Gallery, Tacoma, and the Solstice Arts Centre, Co. Meath, Ireland (2011- 2012), Supermarket, Stockholm, Sweden (2012), Transformation, Shift Gallery, Seattle (2012), 21st Century Irish Craft, National Museum of Ireland (2011), and The Wild Geese, Crafts Council of Ireland Gallery, Ireland (2007).
Her work is included in many collections including the National Museum of Ireland and the Irish Embassies in Brussels and Beijing.
Stokes has been awarded residencies at the Cill Rialaig Arts Centre, Ballinskelligs, Ireland, and at the Jefferson County Museum of Art and History, Port Townsend, Washington. In 2021 she received a Creative Ireland award for 1845: Memento Mori at the Leitrim Sculpture Centre, Ireland.
This project has been generously supported by the Thomas Dammann Junior Memorial Trust.