Osclaítear eispéireas nua do chuairteoirí ag Cnóbha (Brú na Bóinne) i ndiaidh infheistíochta €1.8m
- Foilsithe: 3 Márta 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu [3 Márta 2022] d’oscail an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíne, Gaeltachta, Spóirt agus Meáin Catherine Martin TD agus an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) Patrick O’Donovan TD eispéireas nua do chuairteoirí ag Cnóbha, Co. na Mí, a chuideoidh le cruthú post agus téarnamh turasóireachta i réigiún Sean-Oirthear Éireann.
Rinne Fáilte Ireland infheistíocht €1.4milliún nach mór san tarraingt nua turasóireachta. I gcomhpháirtíocht le Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta agus Oifig na nOibreacha Poiblí, a bhainistíonn Cnóbha mar chuid den Suíomh Oidhreachta Domhanda UNESCO ag Brú na Bóinne, cuirfear fáilte roimh chuairteoirí go Cnóbha ar feadh séasúir fadsínithe den chéad uair.
Cuimsíonn an t-eispéireas breisithe feabhas ar léirmhíniúchán chun scéal na tochailte seandálaíochta le 50 bliain anuas ag an Ollamh George Eogan a insint, chomh maith le suntas na healaíne Meigiliteach agus an tábhacht a bhaineann leis i dtéarmaí náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Measann Fáilte Ireland go dtacóidh an t-eispéireas do chuairteoirí ag Cnóbha le 266 post breise i gceantar na Mí agus go nginfear €1.6milliún ioncaim breise turasóireachta thar thréimhse chúig bliana.
Dúirt an tAire Catherine Martin:
“Tá Cnóbha ar cheann de na láithreacha cultúrtha is suntasaí in Éirinn, agus go deimhin san Eoraip. Leis an eispéireas nua seo do chuairteoirí féadfaidh cuairteoirí as Éirinn agus ón iasacht dul siar agus iad féin a thumadh sa chultúr saibhir Meigiliteach atá againn. Cuirfear tarraingt breise ar leith lena bhfuil ar fáil ag Brú na Bóinne, ag spreagadh tuilleadh daoine chun cuairt a thabhairt ar an Mhí agus ar an gceantar mórthimpeall, agus ag imirt tionchair suntasach eacnamaíoch ar an limistéar.”
Dúirt an tAire Patrick O’Donovan:
“A bhuíochas don infheistíocht seo, is féidir linn an t-eispéireas do chuairteoirí i nGleann na Bóinne a neartú, trí léirmhíniúchán cruinn inrochtana a sholáthar ar an láthair cáiliúil seandálaíochta seo. Tá Cnóbha, Brú na Bóinne agus Gleann na Bóinne ar na seoda cultúrtha agus turasóireachta is mó in Éirinn, agus aithnítear a suntas ar fud an domhain. Tá cuid de na hiarsmaí ó Chnóbha ar taispeáint faoi láthair san taispeántas The World of Stonehenge i Músaem na Breataine, ar iasacht ó Mhúsaem Náisiúnta na hÉireann; orthusan tá ceann máis, cón greanta agus árthach cloiche. Léiríonn sé seo cáil idirnáisiúnta Chnóbha agus clú na n-iarsmaí a fuarthas ann.”
Dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien TD:
“Cuireann Brú na Bóinne iontas orainn i gcónaí. Cuirfidh an áis nua seo go mór le heispéireas na gcéadta míle cuairteoirí a thagann chuig an Láthair Oidhreachta Domhanda gach bliain. Is cinnte go gcuirfeadh an taispeántas álainn seo an-mhórtas ar an Ollamh George Eogan, a cailleadh le déanaí – fear a chaith a shaol le saothar seandálaíochta Chnóbha le blianta fada anuas.
Dúirt Paul Kelly, POF Fáilte Ireland:
“Um téarnamh turasóireachta ní mór dúinn tarraingtí suntasacha a bheith againn chun cuairteoirí a mhealladh um chuardach Éireann, bíodh siad ón tír seo nó ón iasacht. Tá áthas orm bheith anseo ag Cnóbha inniu agus an tarraingt suntasach nua seo do Chontae na Mí agus do réigiún Sean-Oirthear Éireann á oscailt; tugadh an tionscadal chun cinn i gcomhar lenár bpáirtnéirí straitéiseacha in OPW. Meallfaidh an t-eispéireas nua ag Cnóbha tuilleadh cuairteoirí chun an réigiún agus tacóidh sé le poist nua. Críochnaíodh an obair ar bhealach inbhuanaithe, a chinnteoidh go gcaomhnófar an lathair tábhachtach stairiúil seo do na glúin a thiocfaidh amach anseo. Meastar go dtacóidh Cnóbha le 266 post breise i gceantar na Mí agus go nginfear €1.6milliún ioncaim breise turasóireachta thar thréimhse chúig bliana. Bainfear cuid den bhroid ó Bhrú na Bóinne trí eispéireas breise a thairiscint do chuairteoirí agus an t-am a chaitheann siad i nGleann na Bóinne a fhadú.”
Mórchnuasach den ealaín mheigiliteach is ea Cnóbha, cuid den Láthair Oidhreachta Domhanda UNESCO ag Brú na Bóinne; is ann atá níos mó ná a leath den ealaín mheigiliteach san Eoraip in aon suíomh amháin.
Leanúint ar an eispéireas uasghrádaithe do chuairteoirí ag Brú na Bóinne is ea an mol cuairteoirí ag Cnóbha, áit a bhfuil mórthaispeántas digiteach a léiríonn ealaín charraige Chnóbha chomh maith le físeáin idirghníomhacha. Tá leithris ar fáil freisin, chomh maith le clós páirceála OPW le haghaidh scuaine nua busanna leictreacha, a úsáideann prionsabail inbhuanaithe turasóireachta chun tionchar cuairteoirí ar an láthair a mhaolú.
Is é seo an dara céim den infheistíocht dar luach €7m ag Brú na Bóinne, faoi shocrú straitéiseach comhpháirtíochta idir Fáilte Ireland, OPW agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Athchóiríodh ionad cuairteoirí Bhrú na Bóinne sa chéad chéim, agus san tríú céim cuirfear áiseanna nua do chuairteoirí ar fáil ag Sí an Bhrú.
CRÍOCH
Um breis eolais, déan teagmháil le Trudi McDonald, Oifigeach Cumarsáide, Fáilte Ireland – 086 0673964 / trudi.mcdonald@failteireland.ie
Tá grianghraif ar fáil ó Kenneth O’Halloran Photography at kennethohalloran@gmail.com .
Nótaí le haghaidh Eagarthóirí
Brú na Bóinne agus OPW
Tá thart faoi 1,000 séadchomhartha agus áitreabh stairiúil i 768 suíomh ar fud Éireann faoi chúram OPW – tuamaí pasáiste Neoiliteacha, caisleáin agus eaglaisí meánaoiseacha, tithe mainéir Éilíseacha, tithe móra Pallaidiacha, páirceanna, garraíthe agus dúin. Mar chúramóirí na seoda sárluachmhara seo, is é an ról atá againn ná droichead a thógáil a nascann an t-am atá caite, an t-am i láthair agus an todhchaí amach anseo agus a cheanglaíonn daoine le saibhreas, éagsúlacht agus inspioráid na hoidhreachta againn.
Sa láthair Oidhreachta Domhanda 780ha ag Brú na Bóinne tá trí dumha adhlachta – Cnómha, Sí an Bhrú agus Dubhadh. Thart timpeall orthu tá thart faoi 40 fothuama pasáiste; aithnítear an láthair seo mar áit adhlachta dheasghnách a bhfuil suntas ar leith ag baint leis. Cuireadh suas séadchomharthaí eile sa cheantar in Aois an Iarainn agus ins na tréimhsí luath-Chríostaí agus meánaoiseacha. In 1962 rinne an tOllamh George Eogan an chéad tochailt anseo le dlúth-chomhoibriú OPW, obair a lean ar feadh breis agus 50 bliain.
Go dtí seo is ar Shí an Bhrú atá an díriú is mó ag cuairteoirí. Léiríodh an gá le breis infheistíochta ag Brú na Bóinne mar gheall ar an dóchúlacht um eispéireas cuairteoirí a bhreisiú agus feasacht a ardú maidir leis an gcnuasach suntasach sócmhainní seandálaíochta seo.
Is mórchnuasach den ealaín mheigiliteach é Cnóbha; is anseo atá níos mó ná a leath den Ealaín Charraige san Eoraip in aon suíomh amháin. De réir na bprionsabail reatha um turasóireacht inbhuanaithe, féadfaidh na háiseanna breise do chuairteoirí ag Cnómha tuilleadh cuairteoirí a mhealladh, eispéireas saibhir luachmhar a sholáthar do chuairteoirí agus an broid ag Sí an Bhrú a mhaolú.
Cuimsíonn an suíomh 1.5-acra dumha mór amháin ina bhfuil dhá thuama pasáiste agus 18 ndumha níos lú mórthimpeall air. Tá tuamaí níos lú, cuid acu ceangailte leis an dumha mór, mórthimpeall an dumha mór. Laistigh den dumha is mó tá dhá thuama pasáiste, ceann le bealach isteach ag féachaint soir agus an ceann eile le bealach isteach ag féachaint siar.
Roimh an infheistíocht seo, is ar bhonn teoranta séasúrach a bhí Cnómha ar oscailt do chuairteoirí. Bhíothas ag brath go mór ar threoraithe chun cuairteoirí a threorú agus suntas na háite a mhíniú.
Fáilte Ireland
Is é ról Fáilte Ireland ná tacú le fás inbhuanaithe fadtéarmach na turasóirerachta i saol eacnamaíoch, sóisialta, cultúrtha agus comhshaoil na hÉireann. Tá tábhacht ar leith leis an dturasóireacht maidir leis an eacnamaíocht náisiúnta, forbairt réigiúnach agus fostaíocht. Roimh Covid-19, ghin an earnáil ioncam €7.5billiún gach bliain, ag tacú le 260,000 post ar fud na tíre agus ag cur €1.7billiún isteach sa Státchiste.
Oibrímid i gcomhpháirtíocht leis an Rialtas, gníomhaireachtaí Stáit, Údaráis Áitiúla, grúpaí ionadaíocha agus lucht tionscail chun turasóireacht ar fud na Éireann a fhorbairt, trí pleananna agus líonraí forbartha a chruthú, agus infheistíocht i mbonneagar, imeachtaí, tarraingtí do chuairteoirí agus féiltí. Tugann Fáilte Ireland freisin léargais tomhaltóra agus ceannaitheora, meantóireacht, tacaithe gnó, cláir oiliúna agus ardáin ceannaitheora mar chúnamh do ghnóthais turasóireachta um nuálú agus fhorbairt.
Tacaíonn Fáilte Ireland le Turasóireacht Gnó, ag obair chun mórchomhdhála, cruinnithe agus imeachtaí móra a reachtáil in Éirinn.
Táimid freagrach freisin as margaíocht saoire baile trasna na gceithre branda réigiúnacha: Slí an Atlantaigh Fhiáin, Sean-Oirthear Éireann, Croíthailte Ceilte Éireann agus Baile Átha Cliath.