Osclaítear For the Love of the Master, 25 artists fascinated by Piranesi ag Caisleán Bhaile Átha Cliath agus Casino Marino
- Foilsithe: 17 Meitheamh 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu, 17 Meitheamh 2022, seolann Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) an taispeántas idirnáisiúnta For the love of the master, 25 artists fascinated by Piranesi, mar cheiliúradh san 21ú aois ar oidhreacht an ealaíontóra ildánaigh seo de chuid na Róimhe. Bhí sé le tarlú in 2020 mar chomóradh trí céad bliain ó rugadh Piranesi, ach cuireadh siar é de dheasca na paindéime COVID-19.
Ó rugadh é gar do Venezia in 1720 gur bhásaigh sé sa Róimh in 1778, thuill Giovanni Battista Piranesi cáil mar eitseálaí, greanadóir, dearthóir, ailtire, seandálaí agus teoiricí. Tá ailtirí, ealaíontóirí agus dearthóirí fós faoi dhraí ocht aige agus faoi thionchar a shaothair. Roghnaíodh cúigear is fiche ealaíontóir as aon tír déag chun omós a thabhairt do líníochtaí, greanta agus seaniarsmaí athchóirithe Piranesi in iliomad meán.
Piranesi agus Éire
Bhuail James Caulfield, 1ú Iarla Charlemont (1728–1799) le Piranesi agus é ar an Turas Mór san Iodáil. Ní fada a mhair an cairdeas idir an ealaíontóir agus an patrún; bhí scannal poiblí faoin easaontas eatarthu nuair a éirigh an tIarla as a phatrúnacht. Dá ainneoin sin, bhí Charlemont faoi dhraíocht ag Piranesi agus mhair a thionchar ar fhás an Nuachlasaiceachais. Uaidh sin tharla Casino Marino, a aithnítear go dtí an lá inniu ar cheann de na foirgnimh nuachlasaiceacha is áille san Eoraip.
Ag Gailearaí an Tí Chóiste i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, tá cóip ar taispeáint den saothar ceithre imleabhar Antichità Romane – an coimisiún ba chúis leis an aighneas poiblí idir an ealaíontóir agus an tIarla Charlemont; tá sé ar taispeáint anseo den chéad uair a bhuíochas le hiasacht flaithiúil ó Leabharlann Robinson Ard Mhacha. Tá na himleabhair ar taispeáint imeasc gloiní, priontaí, líníochtaí, grianghraif agus criadóireacht chomhaimseartha. Ag Casino Marino, tá an ailtireacht Nuachlasaiceach mar chúlra 18ú aoise leis na saothair ealaíne comhaimseartha.
Na hEalaíontóirí atá Páirteach
Sue Williams A’Court (an Ríocht Aontaithe),
Emily Allchurch (an Ríocht Aontaithe)
Pablo Bronstein (an Airgintín/an Ríocht Aontaithe)
Léo Caillard (an Fhrainc)
Seliena Coyle (Tuaisceart Éireann)
Matt Davis (an Ríocht Aontaithe),
Grégoire Dupond (an Fhrainc /Ceanada)
Michael Eden (an Ríocht Aontaithe)
Nick Ervinck (an Bheilg),
Bernard Heesen (an Ísiltír)
Zoë Hilliard (an Ríocht Aontaithe)
Amy Jayne Hughes (an Ríocht Aontaithe)
Alle de Jong (an Ísiltír)
Agnes Jones (an Ríocht Aontaithe)
Gareth Neal (an Ríocht Aontaithe)
Kate O’Kelly (Éire)
Anouk Mercier (an Fhrainc/an Ríocht Aontaithe)
Mark Newman (Éire)
Evert Nijland (an Ísiltír)
Petter Rhodiner (an tSualainn)
Maria Rivans (an Ríocht Aontaithe)
Robocoop (an Ríocht Aontaithe/an Iodáil)
Slava Seidel (an Úcráin/an Ghearmáin),
Matt Smith (an Ríocht Aontaithe/Éire)
Jo Taylor (an Ríocht Aontaithe).
Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works
Nótaí
Is iad léiritheoirí an taispeántais ná Hélène Bremer, staraí ealaíne agus léiritheoir; Mary Heffernan, ard-bhainiateoir Chaisleán Bhaile Átha Cliath agus stiúrthóir ar Choiste Bainistíochta Ealaíne OPW; an tOllamh Matt J. Smith, ealaíontóir agus léiritheoir.
Is iad na hailtirí Oll. Caroline Voet en Leen De Brabandere as Antwerp na Beilge a dhearaigh radharcagrafaíocht an taispeántais. go 18 Meán Fómhair 2022
Ar oscailt gach lá, 10:00 – 17:00
Eolas
Gailearaí an Tí Cóiste, Caisleán Bhaile Átha Cliath
Seoladh ar 17 Meitheamh 2022
Ar oscailt don phobal: 18 Meitheamh
Cead isteach saor in aisce
Casino Marino
Seoladh ar 18 Meitheamh 2022
Ar oscailt don phobal: 19 Meitheamh go 18 Meán Fómhair 2022
Ar oscailt gach lá, 10:00 – 16:30
Cead isteach saor in aisce