English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Séasúr Turasóireachta Sceilg Mhichíl 2024

Fógraíonn Oifig na nOibreacha Poiblí atosaigh Sceilg Mhichíl do chuairteoirí. Beidh rochtain ar an suíomh ag brath ar an aimsir a bheith oiriúnach, agus coinníollacha fabhracha ar an bhfarraige agus ar an oileán.

Dúirt Kieran O’Donnell, T.D., an tAire Stáit atá freagrach as Oifig na nOibreacha Poiblí,

“Tá an-áthas orm a fhógairt go bhfuil an láithreán uathúil oidhreachta domhanda seo á oscailt arís do chuairteoirí do shéasúr an tsamhraidh. Tá Sceilg Mhichíl ar cheann de na sainchomharthaí tíre is aitheanta in Éirinn agus tá sé fíorthábhachtach don gheilleagar tuaithe áitiúil a bhíonn ag brath ar thurasóireacht. Athosclófar an Láithreán Oidhreachta Domhanda UNESCO do chuairteoirí do shéasúr an tsamhraidh an deireadh seachtaine seo. Bain sásamh as an timpeallacht inspioráideach iontach seo agus bíodh cuairt shábháilte thaitneamhach agat”.

Tá an láithreán oidhreachta iontach seo ar cheann de dhá Láithreán Oidhreachta Domhanda UNESCO i bPoblacht na hÉireann. Tá mainistir Naomh Fionnán, ceann de na lonnaíochtaí is sine sa tír, suite ar mhullach na carraige maorga seo amach ó chósta Chiarraí. Ba i mbotháin chloiche a raibh cruth coirceoige orthu, a chodail agus a ghuigh na manaigh agus tá a lán de na botháin sin ina seasamh fós sa lá atá inniu ann. Tá flúirse mhór de bheathra éan ar an oileán agus ina thimpeall. Is ar an Sceilg Bheag atá an choilíneacht gainéad is mó ar domhan.

Dúirt an tAire O’ Donnell chomh maith

“Mar chaomhnóirí an láithreáin seo, tá sé de chúram ar Oifig na nOibreacha Poiblí oidhreacht an oileáin a chaomhnú agus a chosaint don ghlúin seo agus na glúnta atá le teacht chomh maith le léirthuiscint a chur chun cinn i dtaobh an láithreán mainistreach seo ón luathré agus an suíomh nádúrtha iontach ina bhfuil sé ”.

Má tá tú ag beartú cuairt a thabhairt ar Sceilg Mhichíl, moltar duit féachaint ar an bhfíseán Skellig Michael Safety Video sula gcuireann tú turas chuig an oileán in áirithe ionas go mbeidh a fhios agat an bhfuil an turas seo feiliúnach duit.

Is féidir sonraí áirithinte a fháil ar an suíomh heritageireland.ie/places-to-visit/skellig-michael

Má tá ceisteanna ag cuairteoirí, is féidir leo iad a sheoladh chuig opwskellig@opw.ie


Lean sinn ar Twitter @opwireland

Lean sinn ar Facebook @opwireland

Lean sinn ar Instagram @opwireland

Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works


Nótaí

Athraíonn na socruithe maidir le hamanna oscailte, ag brath ar an aimsir.

Ní bhíonn aon fhoireann ar an suíomh ag am ar bith eile agus tá cosc ar chuairteanna.

Meánfhad Cuairte: 2.5 uair (gan an turas báid san áireamh)

• Ní mór do chuairteoirí fanacht ar na cosáin aitheanta i gcónaí

• Bítear san airdeall faoi chlocha ag titim

• Fána ghéar ar na céimeanna

• Níl na céimeanna cothrom

• Bíonn na céimeanna sleamhain nuair a bhíonn siad fliuch

• Moltar do chuairteoirí uisce a thabhairt leo agus éadaí cosanta a chaitheamh

• Ní mholtar an láithreán seo do pháistí faoi 12 bliana d’aois

Is láthair thar a bheith leochaileach é seo agus iarrtar ar chuairteoirí comhoibriú lenár n-iarrachtaí an séadchomhartha seo a chosaint. Ní cheadaítear ainmhithe ar an láithreán seo.