Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Sceilg Mhichíl – Séasúr 2021

Tá téarnamh Éireann ón phaindéim Covid-19 ag dul ar aghaidh go maith; ina theannta sin tá plé leanúnach maidir le láithreacha Séadchomharthaí Náisiúnta faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) a athoscailt.

Ní foláir aird chúramach a thabhairt ar na dúshláin agus na castachtaí a bhaineann le láithreacha Séadchomharthaí Náisiúnta agus is gá tosaíocht a thabhairt do shábháilteacht agus folláine chuairteoirí agus foirne OPW ar an láthair.

Ar Sceilg Mhichíl, mar gheall ar shuíomh agus tírdhreach ar leith na háite, is gá aird ar leith a thabhairt ar shábháilteacht foirne agus cuairteoirí. Tosaíodh ar obair ullmhúcháin ar an oileán chun an áit a dhéanamh slán um rochtain phoiblí, ach tá an obair sin roinnt seachtainí ar gcúl de dheasca na srianta ar obair le linn na paindéime. Tá dul chun cinn na hoibre seo faoi athbhreithniú i gcónaí agus táthar ag plé go leanúnach maidir leis an láthair a athoscailt le haghaidh chuairteoirí chomh luath agus a mheasann OPW go bhfuil sé sabháilte é sin a dhéanamh.

Um an dtaca seo, níl aon chinneadh déanta maidir le dáta athoscailte, ach tá gach iarracht á dhéanamh an t-oileán a réiteach le haghaidh chuairteoirí ins na seachtainí atá romhainn. Ar ndóigh, braitheann cinneadh ar bith maidir le hathoscailt ar athruithe i dtreoirlínte reatha Rialtais faoin phaindéim Covid.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat