Séasúr Turasóireachta Sceilg Mhichíl 2026

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Séasúr Turasóireachta Sceilg Mhichíl 2026

Fógraíonn Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) go n-athosclófar Sceilg Mhichíl do chuairteoirí ar an Satharn, 9 Bealtaine 2026. Beidh rochtain ar an suíomh ag brath ar an aimsir, cúinsí farraige agus oileáin a bheith feiliúnach.

Dúirt an tAire Stáit atá freagrach as Oifig na nOibreacha Poiblí, Kevin “Boxer” Moran, T.D, “Tá an-lúcháir orm a fhógairt go mbeidh Sceilg Mhichíl oscailte arís do chuairteoirí do shéasúr an tSamhraidh ón 9 Bealtaine 2026.

Tá Sceilg Mhichíl, ar a bhfuil lonnaíocht mainistreach Luath-Chríostaí iontach, fíorthábhachtach don gheilleagar tuaithe áitiúil a bhíonn ag brath ar thurasóireacht. Chomh maith leis sin, tá sé mar thearmann do fhlúirse mhór de bheathra éan agus léiríonn sé saibhreas oidhreachta na tíre seo.

Molaimid do chuairteoirí áirithint a dhéanamh roimh ré agus cloí le treoirlínte an láithreáin ionas go mbainfidh na cuairteoirí ar fad taitneamh as a gcuairt chuig an séadchomhartha aitheanta seo ar bhealach sábháilte, agus iarrtar meas a thaispeáint d’éiceachóras leochaileach agus oidhreacht thógtha an oileáin.”

Skellig Michael Co. Kerry

Tá an láithreán iontach seo ar cheann de Láithreáin Oidhreachta Domhanda UNESCO in Éirinn. Tá mainistir Naomh Fionnán, ceann de na lonnaíochtaí is sine sa tír, suite ar mhullach na carraige maorga seo amach ó chósta Chiarraí. Ba i mbotháin chloiche a raibh cruth coirceoige orthu, a chodail agus a ghuigh na manaigh agus tá a lán de na botháin sin ina seasamh fós sa lá atá inniu ann. Tá flúirse éan ar an oileán. Is ar an Sceilg Bheag atá an choilíneacht gainéad is mó ar domhan.

Má tá tú ag beartú cuairt a thabhairt ar Sceilg Mhichíl, moltar duit féachaint ar an bhfíseán Skellig Michael Safety Video sula gcuireann tú turas chuig an oileán in áirithe mar tá sé tábhachtach go mbeifeá ar an eolas faoi na dúshláin a bhaineann leis an turas chuig an oileán.

Is féidir sonraí áirithinte a fháil ar an suíomh https://heritageireland.ie/places-to-visit/skellig-michael/

Is féidir le cuairteoirí aon cheist a bhíonn acu a sheoladh chuig opwskellig@opw.ie


Tuilleadh eolais le fáil ach teagmháil a dhéanamh le pressoffice@opw.ie

Lean muid ar Twitter @opwireland

Aimsigh muid ar Facebook @opwireland

Lean muid ar Instagram @opwireland

Lean muid ar LinkedIn @Office of Public Works

NÓTAÍ:

Athraíonn na socruithe maidir le hamanna oscailte, ag brath ar an aimsir.

Ní bhíonn aon fhoireann ar an suíomh ag am ar bith eile agus tá cosc ar chuairteanna.

Meánfhad Cuairte: 2.5 uair (gan an turas báid san áireamh)

  • Ní mór do chuairteoirí fanacht ar na cosáin aitheanta i gcónaí
  • Bítear san airdeall faoi chlocha ag titim
  • Tá fána ghéar ar na céimeanna
  • Níl na céimeanna cothrom
  • Bíonn na céimeanna sleamhain nuair a bhíonn siad fliuch
  • Moltar do chuairteoirí uisce a thabhairt leo agus éadaí cosanta a chaitheamh
  • Ní cheadaítear do pháistí faoi 12 bliana d’aois teach tar an turas seo.

Is láthair thar a bheith leochaileach é seo agus iarrtar ar chuairteoirí comhoibriú lenár n-iarrachtaí an séadchomhartha seo a chosaint. Ní cheadaítear ainmhithe ar an láithreán seo.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat