Tá Mainséar Nollag Theaghlach na bPiarsach ar taispeáint anois i Músaem na bPiarsach tar éis mórthionscadal caomhnaithe
- Foilsithe: 6 Eanáir 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Is traidisiún é anois go mbíonn mainséar Nollag Theaghlach na bPiarsach ar taispeáint i Músaem na bPiarsach i mí na Nollag gach bliain. I mbliana, áfach, beidh sé níos speisialta fós mar taispeánfaimid na fíoracha sa mhainséar den chéad uair ó athchóiríodh iad faoi mhórchlár caomhnaithe. Rinne an caomhnóir dealbhóireachta, Jason Ellis, an obair fhíneálta agus chasta seo, agus críochnaíodh an obair in am don Nollaig. Is dealbhóir iomráiteach é Jason féin, agus ní amháin gur chaomhnaigh sé agus gur dheisigh sé na fíoracha ach coimisiúnaíodh é freisin chun píosa a chruthú in áit na fíorach den Mhaighdean Mhuire a bhí ar iarraidh. Bhí na fíoracha seo ó mhainséar na Nollag i measc nithe a fuarthas i dteach na bPiarsach a bhronn an Seanadóir Margaret Pearse ar an Stát sula bhfuair sí bás i 1968. Ba í Margaret deirfiúr Phádraig agus Liam Mac Piarais, a cuireadh chun báis de bharr go raibh siad páirteach in Éirí Amach 1916. Fuarthas fíoracha an Mhainséir sa teach, i dtaisce i dtrunc beag stáin a raibh na hinisealacha ‘MBP’ air, a sheasann do Mary Brigid Pearse is dócha, an duine ab óige de theaghlach na bPiarsach.
Is teilgean plástair olltáirgthe a bhí i mbunfhíoracha an mhainséir, agus ansin a lámhphéinteáileadh go cúramach agus go fíneálta. Nithe costasacha a bheadh iontu seo sna 1880idí agus 90idí nuair a bhí Pádraig Mac Piarais agus a dheartháireacha agus a dheirfiúracha ag fás aníos i mBaile Átha Cliath, agus is léiriú iad ar rathúnas an teaghlaigh ag an am sin. Fear gnó rathúil ab ea James, athair Phádraig Mac Piarais, agus bhí ceann de na gnóthaí dealbhóireachta cuimhneacháin ba mhó in Éirinn aige faoi dheireadh an 19ú haois.
Ag tús na hoibre caomhnaithe, rinneadh obair ghlantacháin speisialta ar na fíoracha agus nochtadh na dathanna glé, bríomhara a bhí clúdaithe go dtí sin faoi shraitheanna salachar carntha. Ceann de na nithe suimiúla a fuarthas amach le linn obair chaomhnaithe ar na fíoracha ná go raibh péire díobh, fíoracha an asail agus an Linbh Íosa i bhfad ní ba shalaí ná an chuid eile. Is furasta a shamhlú go mbeadh níos mó tóir ag na leanaí i dteaghlach na bPiarsach ar an dá fhíor seo agus dá bharr sin gur éirigh siad beagáinín salach mar gheall ar na leanaí a bheith á láimhseáil agus ag spraoi leo ar feadh na mblianta. Faoi mar a tharla i gcás a lán mainséar teaghlaigh in Éirinn, is cosúil gur chuir teaghlach na bPiarsach fíoracha breise isteach sa mhainséar i rith na mblianta, dhá chaora bhréige agus madra beag liath.
Le linn na hoibre glantacháin, baineadh salachar dromchla a bhí carntha ar feadh na mblianta de na fíoracha agus nochtadh dathanna gléineacha péinte agus mionghnéithe a bhí folaithe roimhe seo. Toisc go ndearnadh na dathanna péinte a mheaitseáil go cúramach, bhíothas ábalta mantanna agus screamhóga a dheisiú. Rinneadh athchóiriú ar aon rud a bhí ar iarraidh, nuair ba ghá. Deisíodh aghaidh duine de na Trí Ríthe a raibh drochbhail air agus feistíodh ceann a chamaill ar ais air. De bharr gur deisíodh ceann de chosa an mhadra agus gur cuireadh eireaball ar ais ar cheann de na spideoga, is féidir leo seasamh astu féin arís. De bharr gur léiriú atá ann den an úsáid fhada a baineadh as na fíoracha mar chuid de thraidisiúin Nollag theaghlach na bPiarsach, níor deisíodh roinnt nithe eile a raibh damáiste déanta díobh, mar chluasa an asail a bhí ar iarraidh, nó lámh an Linbh Íosa a bhí in easnamh.
Is dócha gurbh é an dúshlán ba mhó a bhain leis an tionscadal ná céard a d’fhéadfaí a dhéanamh maidir le bunfhíor na Maighdine Muire a bhí ar iarraidh. Chruthaigh Jason Ellis leagan níos simplí den Mhaighdean Mhuire i staidiúir thraidisiúnta a bheadh oiriúnach do radharc ó scéal na Nollag. Fágadh aghaidh na fíorach bán go leor d’aon ghnó agus is beag péinteáil a rinneadh air, gan ach leachtbhrat éadrom neasbhán curtha air chun dath lonrach an phlástair bháin a mhaolú. De bharr gur cuireadh an píosa seo leis na fíoracha eile, is féidir anois radharc ó scéal na Nollag so-aitheanta a chruthú agus a admháil ag an am céanna go bhfuil fíor nua curtha in ionad bhunfhíorach amháin.
Beidh fíoracha an mhainséir ar taispeáint i Músaem na bPiarsach i rith shéasúr na Nollag.
Le haghaidh tuilleadh eolais agus íomhánna ardtaifigh, téigh i dteagmháil le Brian Crowley le do thoil, ag 086 8079071 nó ag brian.crowley@opw.ie.
-CRÍOCH-
Nótaí d’eagarthóirí
Tá Músaem na bPiarsach suite i bPáirc Naomh Éanna ar Bhóthar na Gráinsí i Ráth Fearnáin.
Bíonn sé oscailte ó 9.30rn go 4in, seacht lá na seachtaine. Tá saorchead isteach.