Taispeántas 100 Years of Women in Politics and Public Life ag Sráid an tSáirséalaigh i gCluain Meala

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Taispeántas 100 Years of Women in Politics and Public Life ag Sráid an tSáirséalaigh i gCluain Meala

Tá áthas ar Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) fáilte a chur roimh chuairteoirí chuig an taispeántas 100 Years of Women in Politics and Public Life ag Sráid an tSáirséalaigh i gCluain Meala, Co. Thiobraid Árann. Léiríonn an taispeántas seo páirt na mban sa pholaitíocht agus san saol poiblí in Éirinn le céad bliain anuas. Faoi chúram an Dr Sinéad McCoole, ar son Aonaid Chomórtha an Rialtais, tugtar léargas ar mhórthionchar na mban ar Éirinn an lae inniu, agus ar pháirt suntasach na mban i stair na hÉireann maidir le polaitíocht agus seirbhís don phobal.

Tugtar cuntas ar mhná a ghlac páirt suntasach sa saol polaitiúil agus poiblí in Éirinn le céad bliain anuas – ar na dúshláin a bhí rompu agus ar na constaicí a sháraíodar. Léirítear saol na mban a toghadh ina gcomhaltaí Oireachtais idir 1918 agus 2018. Ba é an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíona, Gaeltachta, Spóirt agus Meáin a chuir an taispeantas le chéile mar chuid den chlár a bhaineann le comóradh a dhéanamh ar na himeachtaí is suntasaí i stair na hÉireann a tharla idir 1912 agus 1923.

Ar na mná a bhaineann le Tiobraid Árann a léirítear san taispeántas tá an Teachta Carrie Acheson agus an Seanadóir Tras Honan, deirfiúracha a toghadh chuig an Oireachtas san am céanna i mí Dheireadh Fómhair 1981, agus Theresa Ahearn, múinteoir matamaitice a toghadh chun na Dála in 1985.

Cé go bhfuil béim ar an bpolaitíocht san taispeántas léirítear freisin conas a tháinig athrú ar shaol na hÉireann le linn na fichiú aoise agus conas a leathnaigh na deiseanna do mhná bheith páirteach sa saol poiblí in Éirinn.

Bhí an taispeántas ar oscailt cheana féin i gCaisleán Bhaile Átha Cliath i mí na Nollag 2018. Ina dhiaidh sin, bhí sé i Halla Istabraq i gCathair Luimnigh, Músaem an Chontae i Leitir Ceanainn, Halla an Chontae i Ros Comáin, ardoifig na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíona, Gaeltachta, Spóirt agus Meáin ar Shráid Chill Dara agus arís i gCaisleán Bhaile Átha Cliath anuraidh.

-CRÍOCH-

Nótaí le haghaidh Eagarthóirí

Taispeántas: 100 Years of Women in Politics and Public Life

Áit: Sráid an tSáirséalaigh, Cluain Meala, Co. Thiobraid Árann

Dátaí: 24 Meitheamh - 23 Meán Fómhair 2021

Am: Máirt - Domhnach, 09:00–17:00 (cead isteach deireanach 16:15). Dúnta ar an Luan.

Suíomh Gréasáin: Heritage Ireland & www.mna100.ie

Meáin Shóisialta: Faigh sinn ar Facebook ag @themainguard

Cead Isteach: Saor in Aisce

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat