Tá Oifig na nOibreacha Poiblí ag déanamh ceiliúradh ar sheoladh irisleabhar nua um thaighde oidhreachta, “Irish Heritage Studies”, ina dtugtar léargas ar shaibhreas staire na hÉireann
- Foilsithe: 28 Bealtaine 2025
- An t-eolas is déanaí: 29 Bealtaine 2025
Tá lúcháir ar Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) a fhógairt go bhfuil irisleabhar taighde nua, Irish Heritage Studies, á sheoladh Tá taighde criticiúil bunaidh san fhoilseachán seo maidir le ról Oifig na nOibreacha Poiblí i mbainistiú punann maoine na hÉireann, ina measc, 780 láithreán oidhreachta agus a gcuid bailiúchán. Déanfar cíoradh chomh maith ar réimse leathan cúraim Oifig na nOibreacha Poiblí maidir le seirbhís a chur ar fáil don stát. Tabharfar léargas ar gach gné de stair na hÉireann le dhá chéad bliain anuas san irisleabhar.

Tá an t-irisleabhar á fhoilsiú i gcomhar le Gandon Editions, agus tá taighde criticiúil bunaidh ann, dírithe ar chultúr míleata, ar an oidhreacht thógtha, ar an ealaín, ar bhailiúcháin stairiúla agus ar an stair náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhaineann le láithreáin oidhreachta agus réada oidhreachta na hÉireann. Beidh eolas san irisleabhar faoi ról leathan Oifig na nOibreacha Poiblí i saol na hÉireann le dhá chéad bliain anuas. Cothóidh ábhar an irisleabhair seo tuiscint níos doimhne ar an mbailiúchán tábhachtach den oidhreacht náisiúnta atá faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí agus tabharfar léargas nua ar ghnéithe dá stair.
Dúirt Kevin “Boxer” Moran, an tAire Stáit le freagracht as Oifig na nOibreacha Poiblí: “Mar chaomhnóirí an méid sin d’oidhreacht shaibhir na hÉireann, tá lúcháir an domhain orainn an t-irisleabhar, Irish Heritage Studies a sheoladh. Cabhróidh sé le tuiscint níos doimhne ar oidhreacht chultúrtha na hÉireann a chothú chomh maith le ról Oifig na nOibreacha Poiblí i gcosaint agus i gcaomhnú na hoidhreachta sin. Tabharfaidh an t-irisleabhar deis do dhaoine eolas a roinnt, chomh maith le spreagadh a thabhairt dúinn ár n-oidhreacht a chaomhnú agus ár stair a cheiliúradh. Is í seo an chéad chéim de phleananna Oifig na nOibreacha Poiblí chun OPW200 a chomóradh, is é sin, ceiliúradh dhá chéad bliain ar ról Oifig na nOibreacha Poiblí i saol na hÉireann.”

Tá sé mar aidhm ag an irisleabhar, Irish Heritage Studies iniúchadh a dhéanamh ar stair Oifig na nOibreacha Poiblí, mar shampla, sna réimsí seo: innealtóireacht shibhialta, fóirithint in am gorta agus riarachán iasachtaí do mhórthionscadail tógála, chomh maith le caomhnú agus cur i láthair ailtireachta agus seandálaíochta.
Táthar ag súil go mbeidh an t-irisleabhar, Irish Heritage Studies ina acmhainn ríthábhachtach do scoileanna agus do choláistí, do ghairmithe oidhreachta agus dóibh siúd ar fad atá paiseanta faoi stair na hÉireann agus a creatlach sóisialta agus fisiciúil. Foilseofar torthaí taighde nua, a bheidh dírithe ar ghnéithe áirithe de na láithreáin oidhreachta is aitheanta in Éirinn, i ngach imleabhar.
Beidh an chéad imleabhar ar fáil go náisiúnta ón 27 Bealtaine 2025 agus ó láithreáin Oidhreachta Oifig na nOibreacha Poiblí. Is féidir cóipeanna a ordú freisin ó shuíomh gréasáin Gandon Editions: https://gandoneditions.com/products/opw.
Chun breis eolais a fháil, lean an nasc –
- Irish Heritage Studies: The annual research journal of the Office of Public Works.
Breis eolais le fáil ach teagmháil a dhéanamh le pressoffice@opw.ie.
Lean muid ar Twitter @opwireland
Lean muid ar Facebook @opwireland
Lean muid ar Instagram @opwireland
Lean muid ar LinkedIn @Office of Public Works
NÓTAÍ
Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW)
Cuireann Oifig na nOibreacha Poiblí cóiríocht ar fáil do Sheirbhísí Rialtais agus bainistíonn sí cuid mhór de phunann réadmhaoine an Stáit.
Déanann an Oifig cúram do 780 láithreán oidhreachta, ina measc, séadchomharthaí náisiúnta, páirceanna stairiúla, gairdíní agus foirgnimh. Is í príomhghníomhaireacht innealtóireachta an Rialtais í, a chuireann seirbhís innealtóireachta ar fáil d’fheidhmeanna Bainistíochta Riosca Tuilte agus Bainistíocht Eastát Oifig na nOibreacha Poiblí agus do Ranna Rialtais eile.