Tugann an Tánaiste & an tAire O’Donovan cuairt ar Ghnáthóg Nua Phanda Rua ag Zú Bhaile Átha Cliath
- Foilsithe: 16 Meitheamh 2021
- An t-eolas is déanaí: 5 Iúil 2021
An ghnáthóg nua ar cheann de na tionscadail chaipitil de thairbhe €2m breise de mhaoiniú Rialtais
Inniu (Dé Céadaoin 16 Meitheamh) thug an Tánaiste agus Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta Leo Varadkar, T.D. agus an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí Patrick O’Donovan, T.D. cuairt ar Zú Bhaile Átha Cliath chun an dul chun cinn a fheiceáil ar thionscadail chaipitil de thairbhe €2 mhilliún breise de mhaoiniú Rialtais, gnáthóg nua phanda rua san áireamh.
Dúirt an Tánaiste:
“Níl rud is mó a ghreamaíonn an samhlaíocht ná Zú Bhaile Átha Cliath. Is cuimhin liom teacht anseo agus mé im leanbh, ag féachaint ar na hainmhithe, ag foghlaim faoin a mbia agus faoina saol. Anois, agus mo nianna im theannta, feicim an t-áthas ina súile agus is geal liom é sin.
Tuigim go raibh sé deacair don Zú i mbliana agus tá áthas orm go raibh sé ar chumas an Rialtais deontas caipitiúil €2 mhilliún a bhronnadh. Táimid tugtha um chudiú leis an Zú an tréimhse deacair seo a shárú agus bláthú arís.
Tá cuma an-shásta ar na pandaí rua sa ghnáthóg nua agus táim ag súil le mo nianna a thabhairt anseo um a bhfeiceáil. Idir uaireanta breise oscailte agus an aimsir mhaith, is iontach an turas é seo i gceartlár Pháirc an Fhionnuisce.”
Dúirt an tAire O’Donovan:
“Tá áthas orm teacht anseo inniu agus an dul chun cinn mór i Zú Bhaile Átha Cliath a fheiceáil, de thairbhe an mhaoiniú Rialtais, go háirithe na gnáthóga nua ar chaighdeán domhanda don Phanda Rua agus an Liopard Sneachta. Cuirfidh na hoibreacha seo le cáilíocht saoil na n-ainmhithe seo agus cuirfidh sé freisin le heispéireas na gcuairteoirí, idir óg agus aosta.”
Is cuid é an deontas Rialtais €2 mhilliún chuig Zú Bhaile Átha Cliath den phacáiste €3 mhilliún le haghaidh Zú Bhaile Átha Cliath agus Páirc Fhiadhúlra Fhóite, a fógraíodh um Nollaig 2020, mar fhreagra ar na dúshláin a bhí rompu araon.
Tá an deontas chuig Zú Bhaile Átha Cliath á chaitheamh ar ghnáthóga an phanda rua agus an liopaird sneachta, leithris chúnta, áis mhúiríne agus mionoibreacha eile.
-Críoch-