English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tugann an tAire O’Donovan cuairt ar scéim um fhaoiseamh tuile agus suíomh oidhreachta i gCo. Chill Mhantáin

Inniu thug an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW), Patrick O’Donovan, T.D., cuairt ar Chontae Chill Mhantáin ar cuireadh ón Aire Simon Harris. Ag An tInbhear Mór, bhuaileadar le hinnealtóirí OPW agus le comhairleoirí áitiúla chun an scéim um fhaoiseamh tuile atá molta don bhaile a fheiceáil.

Dúirt an tAire O’Donovan:

“Tá OPW agus Comhairle Contae Chill Mhantáin ag obair le comhairleoirí innealtóireachta chun scéim a cheapadh don Abhainn Mhór atá inmharthana, costéifeachtach agus inbhuanaithe. Arna críochnú, déanfaidh sé cosaint ar 637 réadmhaoin cónaithe agus 141 réadmhaoin tráchtála. Tabharfar cosaint ó thuiliú taoide agus abhann a tharla go minic anseo le fiche bliain anuas.”

Mar chuid den scéim, tógfar cosaintí tuile agus claífort, chomh maith le doimhniú ar an Abhainn Mhór, gaistí nua garibhéil agus bruscair, feabhsú ar spásanna poiblí agus oibreacha um na ballaí cé agus Droichead an Inbhir Mhóir a neartú. Meastar go gcosnóidh sé €28.5m agus tá sé faoi láthair sa phróiseas pleanála ag An Bord Pleanála, tar éis Tuarascáil um Measúnú Tionchair Chomhshaoil (EIAR) agus Measúnú Tionchair Natura (NIS) a chríochnú.

Chuaigh na hAirí ansin go Gleann Dá Loch – an ‘Chathair Mhainistreach’ ón séú aois, áit a dtagann breis agus 700,000 cuairteoir gach bliain. Thug an tAire O’Donovan agus an tAire Harris cuairt ar dtús an an ionad léirmhíniúcháin agus ansin ar iarsmaí na mainistreach a bhunaigh Naomh Caoimhín, mar a bhfuil clogtheach den scoth, séipeil chloiche ó na meánaoiseanna agus crosanna maisithe.

Le déanaí sheol an tAire O’Donovan an feachtas ‘Ár nOidhreacht a Chosaint’ um ardú feasachta ar leochailleacht agus suntas séadchomharthaí na hÉireann. Chuir sé béim ar a dtábhacht maidir le tuiscint a fháil ar an stair, ar ár bhfolláine agus ar ár n-oidhreacht amach anseo:

“Is ábhar mórtais dúinn na séadchomharthaí seo a léiríonn an dúchas againn. Tá an t-ádh linn go bhfuil teacht againn ar an oiread sin suíomhanna luachmhara oidhreachta ar fud Éireann. Féadfaidh ár n-iompar freagrach a chinntiú go mbeidh ar chumas na ndaoine a thiocfaidh inár ndiaidh an t-iontas agus an t-áthas céanna a mhothú agus a mhothaímidne in áit speisialta mar seo inniu.”

-CRÍOCH-

Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie

Lean sinn ar Twitter @opwireland

Faigh sinn ar Facebook @opwireland