Tugann an tAire O’Donovan cuairt ar scéimeanna um fhaoiseamh tuile ag Droichead na Bandan, Cloich na Coillte agus Baile Gallda, Co. Chorcaí
- Foilsithe: 23 Meitheamh 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Inné thug Patrick O’Donovan, T.D., Aire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW), cuairt ar Dhroichead na Bandan, Clioch na Coillte agus Baile Gallda chun an dul chun cinn ar scéimeanna um fhaoiseamh tuile sa chontae a fheiceáil. Tar éis dó bualadh le hinnealtóirí Chomhairle Contae Chorcaí, ionadaithe áitiúla agus baill den phobal ins na háiteanna sin, dúirt an tAire:
“Tá OPW, i ndlúth-chomhoibriú le Comhairle Contae Chorcaí, ag obair go dian chun scéimeanna um fhaoiseamh tuile a bhfuil géarghá leo ins na ceantair a sholáthar. Bhíos sásta ach go háirithe a chlos ó áitritheoirí agus ó lucht gnó an sochar atá bainte as na scéimeanna um fhaoiseamh tuile ag Droichead na Bandan agus Cloich na Coillte. Tá súil agam go mbeidh an sochar céanna ar fáil i gceantair eile sa chontae atá fós faoi phriacal tuile.”
Ag Droichead na Bandan, chonaic an tAire an bealach éisc a dhearaigh saineolaithe idirnáisiúnta le cuidiú ón Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtas Áitiúil, chomh maith le Iascaigh Intíre Éireann. Chonaic an tAire an áit ar dhein OPW oibreacha práinne i mí Aibreáin i mbliana; tá OPW ag gníomhú le saineolaithe idirnáisiúnta chun réiteach fadtéarmach a fheidhmiú anseo.
Ghlac lucht an Chumainn Ghnó áitiúil an deis chun buíochas a ghabháil leis an Aire as bualadh leo agus infheistíocht a dhéanamh sa bhaile. Tá OPW ag plé le hOifig Ailtire an Chontae chun feabhas a chur ar dhealramh na scéime ar bhruacha na habhann, críochnaíodh formhór na scéime anuraidh; tá cosaint anois ar 392 réadmhaoin (177 teach cónaithe agus 215 áit ghnó).
I gCloich na Coillte, bhí athas ar an Aire a fheiceáil go bhfuil an scéim um fhaoiseamh tuile, a seoladh in 2014, nach mór críochnaithe. Féadfar na bearta um fhaoisemah tuile a dhein OPW ansin a oiriúnú maidir le dúshláin um athrú aeráide amach anseo. Mar gheall ar chomhoibriú trasáisínteachta chun na cosaintí abhann a tháthú le láthair phoiblí an bhaile, tá dreach agus áiseanna an bhaile neartaithe. Dá thoradh seo, mar adúirt ionadaí ó Chumann Gnó Chloich na Coillte, tá an-fháilte ag lucht an bhaile roimh an scéim; féadfaidh cuid mhór réadmhaoin a bhí faoi thuile cheana árachas a fháil anois.
Ag Baile Gallda, tá €295,000 cionroinnte ag OPW faoin Scéim Mionoibreacha um Maolú Tuile agus Chosaint Chósta i mí Mhárta i mbliana. Leis seo, déanfaidh Comhairle Contae Chorcaí obair um fheabhsú claífoirt, cosaint tuile a thógáil, stáisiún caidéalúcháin uisce stoirme a sholáthar agus píobáin nua draenála. Rachaidh an obair seo chun sochair 20 réadmhaoin ag Eastát Belmont a bhí faoi thuile ó Abhainn na Bríde i mí Mheithimh 2012.
-CRÍOCH-