English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tugann an tAire O’Donovan cuairt ar Sceilg Mhichíl chun an dul chun cinn ar thionscadail chaomhnaithe agus athchóirithe a fheiceáil

An tseachtain seo caite, thug an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW), Patrick O’Donovan, T.D. cuairt ar Sceilig Mhichíl, chun an dul chun cinn ar thionscadail chaomhnaithe agus athchóirithe ag Seirbhísí Caomhnaithe OPW a fheiceáil. Ar an oileán seo, amach ó Chósta Chiarraí Theas, tá mainistir ón 6ú aois chomh maith le tearmann le haghaidh éin ghoir mara, mar shampla puifíní Sceilg Mhichíl. Ansin freisin tá dhá theach solais a tógadh in 1821 agus stáisiún rabhaidh ceo ó 1914 atá á n-athchóiriú ag OPW faoi láthair.

Ar a bhealach suas ón ché chuig na clocháin choirceogacha ar láthair na mainistreach, chaith an tAire O’Donovan seal ag an Teach Solais Uachtarach; tá sé ar intinn ag OPW díon nua a chur air seo agus é a athchóiriú mar ionad do chuairteoiri agus mar chóiríocht foirne OPW. Tá pleananna dá n-ullmhú freisin um athchóiriú a dhéanamh ar Theach Cónaithe Choimeádaí an Tí Solais Íochtaraigh, mar chóiríocht le haghaidh comhairleoirí seachtracha agus foireann OPW ag tabhairt cuairt ar an oileán.

Toisc go bhfuil Sceilg Mhichíl suite in iargúltacht an Atlantaigh, éiríonn iliomad ceisteanna maidir lena hoibriú mar láthair do chuairteoirí. Brathann rochtain chuig an oileán go mór ar an aimsir, agus is fíordhúshlán do chuairteoirí agus lucht foirne araon iad na seanchéimeanna éagothroma chun na mainistreach Gach bliain, is gá clár oibreacha cothabhála a mhaireann sé seachtaine a dhéanamh roimh athoscailt; críochnófar é sin go luath in am do chuairteoirí a theacht ó 1 Iúil. Go dtí seo, ní raibh aon leithris do chuairteoirí ar an oileán. Mar gheall ar phaindéim Covid-19 d’eirigh ceist phráinneach maidir leis seo agus mar sin thug OPW tosaíocht do leithris nua le haghaidh cuairteoirí i mbliana.

Ar na hoibreacha eile atá ar intinn tá deisiú ar bhóthar an tí solais agus deisiú agus athchóiriú ar an stáisiún rabhaidh ceo, a thóg Coimisinéirí Soilse na hÉireann in 1914, chun ardán radhairc a chruthú le haghaidh cuairteoirí.

Ag féachaint ar aghaidh chuig athoscailt na Sceilge an tseachtain seo chugainn, dúirt an tAire O’Donovan: >“Tuigim mórthábhacht na carraige seo do réigiún Chiarraí thiar-theas agus don tionscal náisiúnta turasóireachta. Leis an athoscailt agus daoine á dtabhairt ar ais anseo, creidim gur comhartha dóchais dúinn é agus sinn ag dul ar aghaidh ó thréimhse a bhí an-deacair do chách. Is áit iontach í seo, a cruthaíodh ó charraig i lár an Atlantaigh, a chuireann alltacht orainn – dlúthchuid dár n-oidhreacht agus dár bhféiniúlacht mar chine. Tháinig na manaigh amach anseo fadó agus dóchas acu ina gcreideamh féin; is comhartha dóchais dúinn inniu athoscailt an oileáin seo agus sinn ar an dturas ar aghaidh amach as paindéim Covid.”

-CRÍOCH-