English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tugann an tAire O'Donovan cuairt ar Thúr Raghnaill agus CC Rannán an Gharda i bPort Láirge chomh maith le hoibreacha faoisimh tuile ag Dún Garbhán agus Caisleán Dhún Garbhán

Inniu thug an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, T.D., cuairt ar an bhfoirgneamh cathartha is sine in Éirinn – Túr Raghnaill i bPort Láirge. Tá an túr cloiche seo in úsáid leanúnach le breis agus 800 bliain – ó thús mar dhaingean agus ansin mar phríosún le linn an 13ú aois. Is Seadchomhartha Náisiúnta anois é faoi bhainistiú Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW). Tá taispeántas ann a léiríonn oidhreacht Lochlannach na cathrach, á chomhléiriú ag Seoda Phort Láirge agus an Seirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta.

Dúirt an tAire O’Donovan:

“Tá áthas orm gur éirigh le OPW obair a bhí ag teastáil go géar a dhéanamh anseo ag Túr Raghnaill le cúpla mí anuas, in ainneoin na paindéime. Tá a fhios agam go bhfuil foireann OPW ag obair go dian chun áiseanna oiriúnacha do na treoraithe a aimsiú, ionas gur féidir Túr Raghnaill agus an Eaglais Frainceach a oscailt le haghaidh cuairteoirí arís – dhá láthair atá lárnach i dTriantán Lochlannach Phort Láirge le haghaidh turasóirí agus cuairteoirí áitiúla araon.”

Ar na hoibreacha a críochnaíodh bhí uasghrádú iomlán leictreachais, dóiteáin agus slándála chomh maith le rochtain do cuairteoirí, áiseanna do threoraithe agus breisiú ar chuid den taispeántas.

Bhuailan tAire O’Donovan freisin le hArd-Cheannfort an Gharda Síochána, Pádraig Dunne, ag Ceanncheathrú Rannán Phort Láirge an Gharda Síochána. Léirigh sé go bhfuil OPW ullamh chun na hoibreacha atá riachtanach a thosú chomh luath agus a fhaomhann An Garda Síochána an tionscadal.

Chuaigh an tAire O’Donovan ar aghaidh ansin go Dún Garbhán, áit ar bhuail sé le hinnealtóirí Chomhairle Phort Láirge agus OPW agus leis an Seanadóir John Cummins chun tionscadail áitiúla um maolú tuile atá ar intinn ag an Chomhairle a phlé.

Faoi Scéim OPW um Mionoibreacha Maolú Tuile agus Chosaint Chósta, cuirtear maoiniú ar fáil do na húdaráis áitiúla chun oibreacha nó staidéir a dhéanamh, ar chostas suas chuig €750,000, mar fhreagra ar thuiliú áitiúil agus ar chosaint chósta laistigh dá gceantair féin.

Dúirt an tAire O’Donovan:

“Ó tosaíodh ar an Scéim in 2009, tá 14 iarratas ó Chomhairle Contae Phort Láirge faofa, dar luach €1,046,360 in iomlán. Lig an maoiniú seo do Chomhairle Contae Phort Láirge oibreacha um maolú tuile a bhí riachtanach a dhéanamh in iliomad áit cois chósta agus abhann. Beidh sé riachtanach freisin amach anseo maidir le tionscadail atá de dhíth sa cheantar – mar shampla Suirbhé Monatóireachta um Bainistiú Priacal Tuiliú Cósta agus Creimithe ag Dún Garbhán agus An Coinigéar.”

Thug an tAire cuairt freisin ar Chaisleán Dhún Garbhán, Séadchomhartha Náisiúnta i seilbh an Stáit a tógadh san 13ú aois le linn teacht na Normannach go hÉirinn. Taobh istigh den fhoirgneamh polagánach seo – cineál nach bhfuil coitianta in Éirinn – tá beairic mhíleata ón chéad leath den 18ú aois, áit a bhfuil áiseanna do chuairteoirí agus cur i lathair físamhairc suite ag OPW. Ba gheal leis an Aire O’Donovan a thuiscint gur chuir Bealach Glas Phort Láirge le cáil Dhún Garbhán mar cheann scríbe do lucht rothaíochta agus tá súil aige go dtabharfaidh sé seo tuilleadh cuairteoirí chuig Caisleán Dhún Garbhan amach anseo.

-CRÍOCH-

Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie

Lean sinn ar Twitter @opwireland

Faigh sinn ar Facebook @opwireland

Lean sinn ar Instagram @opwireland

Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works