English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Beathaisnéisí

Cathy O'Brien

Cathy O'Brien

Is Príomh-Aturnae Stáit Leascúnta í Cathy in Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit. Tá sí ina ceann ar an Rannóg Dlí Tráchtála, a sholáthraíonn sainchomhairle maidir le dlí na gconarthaí, dlí na hiomaíochta agus maidir le cúrsaí rialála, agus béim ar leith ar chomhlíonadh státchabhrach le haghaidh bearta cúnaimh deontais.

Cháiligh Cathy mar aturnae sa bhliain 2000 agus tá Baitsiléir sa Dlí Sibhialta agus Máistreacht sa Dlí Tráchtála aici ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Chomh maith leis sin, ghnóthaigh sí Dioplóma sa Dlí Eorpach ó Dhlí-Chumann na hÉireann, mar aon le Teastais i dTíolacadh agus i Soláthar Poiblí. I ndiaidh di cáiliú, d’oibrigh Cathy mar abhcóide intí ag AIB Capital Markets, áit ar shainfheidhmigh sí i gconarthaí díorthacha a dhréachtú.

Thosaigh sí ag obair le hOifig an Phríomh-Aturnae Stáit sa bhliain 2003, agus fuair sí taithí shuntasach sa Dlí Poiblí laistigh den Rannóg Athbhreithnithe Breithiúnaigh agus den Rannóg Tráchtála agus Bhunreachtúil. Ó bhí 2014 ann, dhírigh Cathy ar sholáthar poiblí agus ar chonarthaí tráchtála, agus sa bhliain 2023 ceapadh í ina ceann ar an Rannóg Dlí Tráchtála.


Róil