English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Beathaisnéisí

Ciara Murphy

Ciara Murphy

Is Príomh-Aturnae Stáit Cúnta í Ciara in Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit. Tá sí ina comhalta den Bhord Bainistíochta agus ina Ceann ar Rannán Dlí Tráchtála agus Fostaíochta OPAS. Tá an Rannán speisialaithe sin comhdhéanta d'aturnaetha ar saineolaithe iad ina réimsí féin sa Dlí Tráchtála, an Dlí um Sholáthar Poiblí agus sa Dlí Fostaíochta.

Sular thosaigh sí le OPAS sa bhliain 2016, bhí Ciara ag cleachtadh i ngnólacht mór dlí tráchtála áit ina shainfheidhmigh sí i gcistí infheistíochta agus i rialáil seirbhísí airgeadais ar feadh deich mbliana i ndiaidh di cáiliú. Le linn an ama sin, chaith sí tréimhsí ar iasacht le hinstitiúidí airgeadais i mBaile Átha Cliath agus i Londain freisin.

Tá Baitsiléir sa Dlí Sibhialta (Idirnáisiúnta) ag Ciara ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus Máistreacht sa Dlí ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Tá Ciara ina hOifigeach Poiblí Ainmnithe faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015: féach www.lobbying.ie


Róil