Fiona Woodyatt
- Foilsithe: 29 Márta 2023
- An t-eolas is déanaí: 29 Aibreán 2025

Bhí príomhróil cheannaireachta ag Fiona le 22 bliain anuas le hOifig an Phríomh-Aturnae Stáit. Ceapadh í mar cheannaire ar an Rannóg Inimirce agus Tearmainn sa bhliain 2024, áit a bhfuil sí i gceannas ar fhoireann mhór a sholáthraíonn seirbhísí aturnae i réimse an dlí inimirce agus tearmainn.
Bhí róil ag Fiona roimhe seo mar Cheann Dlí ar an Rannóg Sócmhainní Coiriúla (CAS) áit ar sholáthraigh a foireann seirbhísí dlí go heisiach don Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla, mar Phríomh-Aturnae i Rannóg na gConarthaí Tráchtála de OPAS inar thug sí comhairle don Oifig um Sholáthar Rialtais agus do Ranna Stáit, mar Chomhairleoir Sinsearach Dlí i Rannóg Athbhreithnithe Bhreithiúnaigh OPAS agus tugadh ar iasacht í chomh maith mar Chomhairleoir Dlí don Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach.
Fuair Fiona a cuid oideachais i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, agus cháiligh sí mar aturnae sa bhliain 2003.