English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Beathaisnéisí

Gwen Considine

Gwen Considine

Is Príomh-Aturnae Stáit Leascúnta í Gwen in Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit. Tá sí ina ceann ar an Rannóg Dlí Soláthair Phoiblí a sholáthraíonn sainchomhairle do ranna agus d’oifigí rialtais maidir le saincheisteanna soláthair phoiblí agus idirbheartaíocht chonarthach i raon leathan réimsí lena n-áirítear teicneolaíocht faisnéise, cumarsáid dhigiteach, imirce isteach, iompar, agus tionscadail bhonneagair.

Sular thosaigh sí le OPAS sa bhliain 2014, bhí Gwen ag sainfheidhmiú i ndlí an tsoláthair phoiblí i ndiaidh di bheith ag cleachtadh i ngnólachtaí móra dlí tráchtála in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe.

Tá Baitsiléir sa Dlí Sibhialta ag Gwen ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, Máistreacht sa Dlí Tráchtála ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus Dioplóma Iarchéime i nDlí Iomaíochta CE ó King’s College, Londain.


Róil