Liam Butler
- Foilsithe: 31 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 29 Aibreán 2025

Is é Liam Ceann na Seirbhísí Corparáideacha in Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit. Tá sé ina chomhalta den Bhord Bainistíochta agus tá sé freagrach as Acmhainní Daonna, TFC, Cúrsaí Airgeadais, Tacaíocht Chorparáideach agus Dlí, Rialáil agus Comhlíonadh, seirbhísí Oifige, Taifid agus Clárlann agus Seirbhísí Eolais agus Faisnéise.
Sular thosaigh sé in OPAS sa bhliain 2025 bhí Liam ina Phríomhoifigeach Faisnéise i dTailte Éireann. Roimhe sin, bhí Liam ina Phríomhoifigeach Faisnéise san Oifig Luachála agus ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar Sheirbhísí Corparáideacha do Phobal, cuideachta neamhbhrabúis a bhainistíonn cláir um chuimsiú sóisialta, athmhuintearas agus comhionannas thar ceann Rialtas na hÉireann. Roimhe sin, d'oibrigh sé i roinnt ról sinsearach TFC san earnáil phríobháideach.
Tá Dioplóma Iarchéime sa Bhainistíocht Phoiblí ag Liam ó Ollscoil na hÉireann, Baitsiléir san Eolaíocht Ríomhaireachta ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus Máistreacht i Staidéar Gnó ó Scoil Ghnó Iarchéime an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
Is Oifigeach Poiblí Ainmnithe é Liam faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015: féach www.lobbying.ie