English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Beathaisnéisí

Rachel Niall

Rachel Niall

Is Príomh-Aturnae Stáit Leascúnta í Rachel atá freagrach as an Rannóg Léasanna Stáit sa Rannán Maoine Stáit. Tá an rannóg speisialaithe seo comhdhéanta d'aturnaetha ar saineolaithe tíolactha iad a bhfuil saineolas ar leith acu i réimse an dlí um thiarnaí talún agus um thionóntaí.

Sular thosaigh sí in OPAS sa bhliain 2018, bhí Rachel ina comhpháirtí ar feadh 20 bliain i ngnólacht mór dlí tráchtála inar shainfheidhmigh sí i maoin tráchtála. Le linn an ama sin, thug sí comhairle maidir le gach réimse maoine tráchtála lena n-áirítear ceannach/díol/léasú agus maidir le gnéithe d'iasachtú urraithe. Tá Baitsiléir Tráchtála (Onóracha) agus Ard-Dioplóma sa Dlí Eorpach (Onóracha) ag Rachel ó Ollscoil na hÉireann (an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath).


Róil