Simon Nolan
- Foilsithe: 27 Meán Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 29 Aibreán 2025

Is Príomh-Aturnae Stáit Leascúnta é Simon atá freagrach as an Rannóg Urrúis Stáit sa Rannán Maoine Stáit. Tá an Rannóg seo freagrach as comhairle a thabhairt maidir le réimse éagsúil cúrsaí maoine lena n-áirítear deontais chaipitil agus Tarscaoileadh faoin Acht Maoine Stáit 1965.
Cháiligh sé mar aturnae sa bhliain 2002 agus bhí sé ag cleachtadh den chuid ba mhó i soláthar poiblí, TF agus dlí tráchtála in Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit, i mBanc Ceannais na hÉireann, agus sa Bhanc Ceannais Eorpach. Chaith sé tréimhse freisin mar chomhairleoir dlí ar iasacht don Roinn Oideachais.
Tá Baitsiléir Dlíthe (LLB Onóracha) agus Máistir Dlíthe sa Dlí Tráchtála (LLM) ag Simon ó Ollscoil na Breataine Bige. Chomh maith leis sin, tá dioplómaí iarchéime aige sa Dlí Fostaíochta Feidhmeach, Léasú Eitlíochta agus Dlí Airgeadais agus Dlí Teicneolaíochta.