English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Athúsáid Fhaisnéise na hEarnála Poiblí



Réamhrá

Cloíonn Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit leis na Rialacháin ar Athúsáid Faisnéise ón Earnáil Phoiblí IR 279/2005 agus spreagaimid athúsáid na faisnéise a chuirimid ar fáil. Is féidir faisnéis agus doiciméid a fhaightear ón suíomh gréasáin seo a athchruthú agus/nó a athúsáid faoi réir an cheadúnais FEP is déanaí atá ar fáil ag data.gov.ie .

Tá an fhaisnéis ar ár suíomh gréasáin faoi chóipcheart Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit ach amháin nuair a shonraítear a mhalairt. Is féidir leat an fhaisnéis ar ár suíomh gréasáin a athúsáid saor in aisce.

Áirítear le hathúsáid cóipeáil, cóipeanna a eisiúint chuig an bpobal, foilsiú, craoladh agus aistriú go teangacha eile. Clúdaítear léi freisin taighde agus staidéar neamhthráchtála. Tá athúsáid faoi réir na gcoinníollacha thíos.

Ní mór duit:

  • an fhoinse agus ár gcóipcheart a admháil i gcásanna ina soláthróidh tú an fhaisnéis do dhaoine eile
  • an fhaisnéis a athchruthú go cruinn
  • gan an fhaisnéis a úsáid ar bhealach míthreorach
  • gan an fhaisnéis a úsáid go príomha ar mhaithe le fógraíocht nó le cur chun cinn táirge nó seirbhís ar leith
  • gan an fhaisnéis a úsáid chun críocha neamhdhleathacha, mímhorálta, calaoiseacha nó mímhacánta nó chun tacú leo sin

Níl Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit faoi dhliteanas as aon chaillteanas nó dliteanas a bhaineann le hathúsáid faisnéise agus ní dheimhníonn sí go bhfuil an fhaisnéis cothrom le dáta nó saor ó earráidí. Ní thugann Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit údarás d’aon úsáideoir cearta eisiacha a bheith aige nó aici chun a fhaisnéis a athúsáid.


Iarratas ar Fhaisnéis ón Earnáil Phoiblí (FEP) a dhéanamh

Faoi na Rialacháin FEP, féadfaidh duine aonair nó eintiteas dlíthiúil iarratas i bhfoirm inléite a chur faoi bhráid comhlacht earnála poiblí chun doiciméid a eisiúint lena n-athúsáid.

  • Ní mór a léiriú go soiléir ar gach iarratas go bhfuil sé á dhéanamh chun críche athúsáide faisnéise ón earnáil phoiblí
  • Ní mór aistriúchán go Gaeilge nó Béarla a bheith ag gabháil le gach iarratas a dhéanfar i dteanga eile seachas Gaeilge nó Béarla

Foráiltear leis na Rialacháin go gceadóidh comhlacht earnála poiblí, ar iarratas a fháil maidir le doiciméad atá ina sheilbh lena mbaineann na Rialacháin FEP, athúsáid an doiciméid chun críocha tráchtála nó neamhthráchtála de réir na gcoinníollacha agus na dteorainneacha ama dá bhforáiltear leis na Rialacháin.

Ba cheart iarratais chuig an Oifig seo chun doiciméid a eisiúint lena n-athúsáid faoi na Rialacháin FEP a dhéanamh i scríbhinn tríd an bpost nó ar ríomhphost chuig:

Freedom of Information Liaison Officer

Seoladh:
Osmond House, Little Ship Street, Dublin, D08 V8C5
Ríomhphost:

CSSOFOIrequest@csso.gov.ie

Teileafón:
01 417 6100

Amlínte

Foráiltear leis na Rialacháin FEP go dtabharfaidh comhlacht earnála poiblí freagra ginearálta ar iarratas FEP laistigh de 20 lá oibre ón iarratas a fháil.

I gcás, mar gheall ar mhéid nó ar chastacht an iarratais, go nglacfaidh an phróiseáil níos faide ná 20 lá oibre ón iarratas a fháil, cuirfidh an comhlacht earnála poiblí lena mbaineann é sin in iúl don iarrthóir laistigh de thrí seachtaine i ndiaidh an t-iarratas tosaigh a fháil. I gcúinsí den sórt sin ba cheart don chomhlacht earnála poiblí freagra iomlán a thabhairt ar an iarratas laistigh de 40 lá oibre ón iarratas a fháil.


Ceart chun achomhairc

Foráiltear leis na Rialacháin FEP sásra reachtúil achomhairc d’Oifig an Choimisinéara Faisnéise trína bhféadfaidh iarrthóir achomharc a dhéanamh in aghaidh:

  • Cinneadh ó chomhlacht poiblí diúltú cead a dheonú chun doiciméad a athúsáid
  • Cinneadh ó chomhlacht poiblí diúltú ceart eisiach a dheonú chun doiciméad a athúsáid
  • Gearradh táille ar athúsáid doiciméid
  • Méid na táille atá á gearradh
  • Aon choinníollacha athúsáide arna bhforchur ag comhlacht poiblí

Ní mór aon achomharc a chur chuig an gCoimisinéir Faisnéise i bhfoirm inléite laistigh de cheithre seachtaine i ndiaidh fógra faoin gcinneadh ón Oifig sin chuig na iarrthóir. Féadfaidh an Coimisinéir Faisnéise síneadh leis an tréimhse achomhairc a thabhairt i gcás ina gceapann sé nó sí go bhfuil forais réasúnacha ann chun síneadh den sórt sin a cheadú. I ndiaidh dó éisteacht le hachomharc, cinnfidh an Coimisinéir Faisnéise ar cheart cinneadh an chomhlachta phoiblí a dhearbhú, a athrú nó a chur ar neamhní.

Is féidir achomharc a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt ar phointe dlí i gcoinne chinneadh an Choimisinéara Faisnéise.


Tuilleadh faisnéise

Freedom of Information Liaison Officer

Seoladh:
Osmond House, Little Ship Street, Dublin, D08 V8C5
Ríomhphost:

CSSOFOIrequest@csso.gov.ie

Teileafón:
01 417 6100