English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Dlí agus Cirt



An Rannóg Sócmhainní Coiriúla

Soláthraíonn an Rannóg Sócmhainní Coiriúla (CAS) seirbhís aturnae inmheánach, neamhspleách don Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla (CAB) arb é a shainordú oibriúcháin imscrúduithe a dhéanamh ar fháltais amhrasta ó iompar coiriúil.

Chomh maith le seirbhísí tíolactha, soláthraíonn CAS seirbhísí dlíthíochta agus comhairleacha maidir le réimse leathan ábhair dlí lena n-áirítear:

  • imeachtaí fáltais ó choireacht os comhair na hArd-Chúirte
  • achomhairc chánach os comhair an Choimisiúin um Achomhairc Chánach
  • Imeachtaí aisghabhála fiachais agus ró-íocaíochtaí leasa shóisialaigh
  • iarratais faoi reachtaíocht maidir le sciúradh airgid a dhéantar os comhair na Cúirte Dúiche
  • iarratais faoi reachtaíocht maidir le Maoin Póilíní
  • conarthaí agus comhaontuithe socraíochta
  • imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh
  • imeachtaí iomlánacha
  • ábhair chomhairleacha

An Rannóg Dlíthíochta an Gharda Síochána

Déileálann Rannóg Dlíthíochta an Gharda Síochána le caingne sibhialta in éadan an Gharda Síochána. Áirítear le hobair na Rannóige éilimh ar dhamáistí mar gheall ar ionsaí, gabháil éagórach, príosúnú neamhdhleathach, ionchúiseamh mailíseach, iomrall ceartais, calaois agus clúmhilleadh.

Déileálann an Rannóg freisin le hiarratais ar fhollasú neamhpháirtí ina n-iarrtar nochtadh doiciméad, Achomhairc Ghrinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána, Achomhairc Arm Tine, agus éilimh de bhun reachtaíocht Chúitimh an Gharda Síochána.


An Rannóg Ceartais agus Coireachta

Tá ról na Rannóige Ceartais agus Coireachta ríthábhachtach maidir le hionadaíocht a dhéanamh don Stát in iarratais chúirte ar Bharántas Gabhála Eorpach, Eiseachadadh agus Cúnamh Dlíthiúil Frithpháirteach. Tá an fheidhm riachtanach sin ina cuid lárnach de rannpháirtíocht ghníomhach na hÉireann sa chomhrac in aghaidh na coireachta idirnáisiúnta.

Déileálann an Rannóg freisin le hAistriú Daoine faoi Phianbhreith; ionchoisní a eascraíonn as básanna daoine faoi choimeád Sheirbhís Phríosúin na hÉireann nó an Gharda Síochána; cásanna ceadúnaithe agus Achomhairc um Maoin Póilíní Chúirt Chuarda Bhaile Átha Cliath.

Baineann na cásanna le gach cúirt intíre, an CBAE agus Cúirt an Chróinéara. Tá obair na Rannóige leathan agus tapa. Oibrímid go rialta lenár gcliaint agus lenár bpáirtithe leasmhara chun ár n-éifeachtúlacht maidir le soláthar na sainoibre straitéisigh sin don Stát a uasmhéadú.


An Rannóg Seirbhísí Dlí

Déileálann an Rannóg Seirbhísí Dlí le hIonchúisimh Airí sa Chúirt Dúiche, athbhunú cuideachtaí, agus imeachtaí thar ceann an Aire Coimirce Sóisialaí chun airgead a fuarthas go calaoiseach a aisghabháil.