Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Cosaint Sonraí



Réamhrá

Tháinig an tAcht um Chosaint Sonraí 2018 i bhfeidhm an 25 Bealtaine 2018. Leis an Acht um Chosaint Sonraí, tugtar éifeacht don Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (AE 2016/679) agus don Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí (AE 2016/680). Leasaítear leis an Acht na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003.

Tá an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) ceaptha chun smacht níos fearr a thabhairt do dhaoine ar a gcuid sonraí pearsanta trí chearta atá sainithe go soiléir a leagan amach do dhaoine aonair a mbailítear agus a bpróiseáiltear a gcuid sonraí pearsanta.

Cuirtear oibleagáidí méadaithe leis an RGCS ar eagraíochtaí a rialaíonn agus a phróiseálann sonraí pearsanta freisin.


Cad is sonraí pearsanta ann?

Le hAirteagal 4(1) den RGCS, sainítear sonraí pearsanta mar aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha aitheanta nó inaitheanta.

Is duine nádúrtha inaitheanta é duine is féidir a aithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí threoir aitheantóra amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne amhail seoltaí IP úsáideora nó faoi threoir toisc amháin nó níos mó a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin.


Sonraí pearsanta catagóire speisialta

Baineann sonraí pearsanta de chatagóir speisialta le haon sonraí pearsanta lena nochtar bunadh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, ballraíocht i gceardchumann; sonraí a bhaineann le sláinte nó le saol gnéis agus gnéaschlaonadh; sonraí géiniteacha nó sonraí bithmhéadracha. Déantar sonraí pearsanta de chatagóir speisialta a phróiseáil i gcomhréir le hairteagal 9 den RGCS.


Prionsabail RGCS

Leagtar amach in Airteagal 5 den RGCS sé phríomhphrionsabal atá i gcroílár an chórais ghinearálta um chosaint sonraí:

  • Dlíthiúlacht, cothroime agus trédhearcacht
  • Teorainn cuspóra
  • Íoslaghdú sonraí
  • Cruinneas
  • Teorainn stórála
  • Ionracas agus rúndacht

Cé muid féin

Is comhghné d'Oifig an Ard-Aighne í Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit (OPAS). Is iad príomhfheidhmeanna an Ard-Aighne comhairle a chur ar an Rialtas i gcúrsaí dlí agus tuairime dlí agus seirbhísí dréachtaithe agus dlíthíochta a sholáthar don Stát.


Cad a dhéanaimid

Soláthraíonn Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit (OPAS) seirbhísí dlíthíochta, comhairleacha agus tíolactha do ranna agus d’oifigí rialtais agus do ghníomhaireachtaí Stáit áirithe eile. Soláthraíonn OPAS seirbhísí aturnae freisin ag binsí agus ag coimisiúin fiosrúcháin agus déanann sé ionadaíocht d’Éirinn ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Chun críche RGCS, meastar gur Rialaitheoir Sonraí í an Oifig ar aon sonraí pearsanta atá á gcoinneáil aici.. I gcosaint sonraí, dearbhaíonn rialaitheoir sonraí na cuspóirí agus na modhanna chun sonraí pearsanta a phróiseáil.


Na sonraí pearsanta a phróiseálaimid

Próiseálaimid na sonraí pearsanta a thugann tú dúinn, lena n-áirítear nuair a dhéanann é sin trí ionadaí, mar shampla, trí aturnae nó daoine údaraithe eile.

Próiseálann OPAS sonraí pearsanta nár bailíodh uaitse freisin. Má tá tú bainteach le himeachtaí dlíthiúla a bhaineann le roinn rialtais nó comhlacht seirbhíse poiblí eile, féadfaimid sonraí pearsanta a fháil chun soláthar comhairle dlí a éascú.

Déanfar sonraí pearsanta gach duine a théann isteach inár bhfoirgnimh a phróiseáil trínár gcórais teilifíse ciorcaid iata (CCTV). Is féidir tuilleadh eolais a bhaineann leis sin a fháil inár bhfógra CCTV thíos.


Conas a phróiseálaimid do shonraí pearsanta

Is é ár bpríomhfheidhm comhairle agus seirbhísí dlí a sholáthar do ranna agus d’oifigí rialtais. Is gá do shonraí pearsanta a phróiseáil chun comhairle dhlíthiúil a sholáthar, nó i ndáil le héilimh dhlíthiúla, éilimh dhlíthiúla ionchasacha, imeachtaí dlíthiúla nó imeachtaí dlíthiúla ionchasacha.

Faigheann an Oifig sonraí pearsanta agus roinneann sí na sonraí sin le tríú páirtithe, amhail ranna cliant, an tSeirbhís Cúirteanna, an Garda Síochána, abhcóidí seachtracha, saineolaithe gairmiúla eile agus soláthraithe seirbhísí dlí de réir mar is gá. Mar chomhairleoir dlí an Stáit, is riachtanach sonraí pearsanta a roinnt chun comhairle dhlí a sholáthar dár gcliaint.

De réir Ailt 41 agus 47 den Acht um Chosaint Sonraí 2018, d’fhéadfaí sonraí pearsanta atá i seilbh na hOifige a phróiseáil tuilleadh más gá sin chun comhairle dhlí a sholáthar nó chun críocha éileamh dlíthiúil, éileamh dlíthiúil ionchasach, imeachtaí dlíthiúla nó imeachtaí dlíthiúla ionchasacha, nó i ndáil leo, nó más gá ar shlí eile, chun cearta dlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint.


Do chuid ceart

Faoi réir srianta áirithe, atá leagtha amach thíos, is féidir leat do chearta a fheidhmiú i ndáil le do shonraí pearsanta atá á bpróiseáil ag OPAS. Tá agat:

  • An ceart go gcuirfí ar an eolas thú faoi phróiseáil do shonraí pearsanta
  • An ceart chun rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta
  • An ceart go ndéanfaí do shonraí pearsanta a cheartú
  • An ceart go ndéanfaí do shonraí pearsanta a scriosadh
  • An ceart chun iniomparthachta sonraí
  • An ceart cur in éadan phróiseáil do shonraí pearsanta
  • An ceart go ndéanfaí do phróiseáil do shonraí pearsanta a theorannú

Más mian le duine aonair eolas a fháil faoina s((h)onraí pearsanta, is féidir leis nó léi iarratas ar rochtain ar ábhar a dhéanamh.


Srianta ar cheart rochtana

Tá roinnt eisceachtaí i bhfeidhm maidir le scaoileadh sonraí, lena n-áirítear rochtain ar shonraí tríú páirtí, sonraí a bhaineann leas as pribhléid dhlíthiúil, nó sonraí a theastaíonn chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.

Déanfar foráil le halt 61(1) freisin maidir le srianta ar fheidhmiú ceart ábhar sonraí i gcás ina ndéantar próiseáil chun críocha cartlannaithe ar mhaithe le leas an phobail.

Má chuireann OPAS srian ar cheart rochtana duine aonair ar shonraí pearsanta, féadfaidh an duine aonair achomharc a dhéanamh chun an Choimisiúin um Chosaint Sonraí i gcoinne an chinnidh.

Ní mór do OPAS taifead a choinneáil de na cúiseanna le cinntí chun rochtain ar fhaisnéis a shrianadh. Féadfaidh an Coimisiún um Chosaint Sonraí iarratas a dhéanamh chun an taifead sin a fheiceáil tráth ar bith.


Iarratas ar rochtain ar ábhar a dhéanamh

Is féidir iarratas ar rochtain ar ábhar a dhéanamh trí ríomhphost nó tríd an bpost chuig:

Data Protection Officer

Seoladh:
Chief State Solicitor's Office, The Chancery, 3–10 Chancery Lane, Dublin, D08 E4PK
Ríomhphost:

dataprotectionofficer@csso.gov.ie

Ní mór d’iarratasóirí cruthúnas ar aitheantas a sholáthar, amhail cóip dá gceadúnas tiomána nó dá bpas. Déantar é sin lena chinntiú gur féidir leis an Oifigeach Cosanta Sonraí aitheantas an iarratasóra a dheimhniú.

Tabharfar freagra ar iarratais bhailí laistigh de mhí amháin ó dháta a gheofar iad. I gcúinsí áirithe féadfar síneadh a chur leis sin. Ní ghearrtar aon táille as iarratas a dhéanamh.

Féadfaidh duine aonair a iarraidh ar OPAS freisin aon sonraí pearsanta atá á gcoinneáil ag OPAS a chreideann siad a bheith míchruinn a cheartú nó a scriosadh – cé is moite de shonraí pearsanta atá i ráitis finnéithe.

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach féidir ach sonraí pearsanta a bhaineann le hiarratasóir aonair a sholáthar. Ní féidir le OPAS faisnéis phearsanta a bhaineann le duine eile a sholáthar. Déantar eisceachtaí i gcásanna áirithe ina n-iarrann tuismitheoirí nó caomhnóirí sonraí pearsanta a bhaineann lena leanaí.

Féadfaidh aturnae iarratas a dhéanamh thar ceann cliaint freisin ach ní mór dó nó di a thaispeáint gur údaraigh an cliant an t-iarratas.


Coinneáil sonraí

Stórálfaidh OPAS do shonraí fad a bheidh an phróiseáil ar siúl agus de réir mar a cheanglaítear leis an dlí agus i gcomhréir lena hoibleagáidí faoin Acht um Chartlann Náisiúnta 1986.


Oifigeach Cosanta Sonraí

Is é Stephen Finlan an tOifigeach Cosanta Sonraí in OPAS. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis ag an seoladh thíos.

Data Protection Officer

Seoladh:
Chief State Solicitor's Office, The Chancery, 3–10 Chancery Lane, Dublin, D08 E4PK
Ríomhphost:

dataprotectionofficer@csso.gov.ie


Gearáin

Is féidir le daoine aonair ar mian leo gearán a dhéanamh teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí ag an seoladh thíos.

An Coimisiún um Chosaint Sonraí

Seoladh:
6 Rae Pheambróg, Baile Átha Cliath, 2 D02 X963
Suíomh Gréasáin:

Doiciméid

Fógra um Chosaint Sonraí
Fógra um Chosaint Sonraí
Amharc amharc
Fógra um Chosaint Sonraí Cliant
Fógra um Chosaint Sonraí Cliant
Amharc amharc
Fógra CCTV
Fógra ina gcuirtear cuairteoirí chuig oifigí OPAS ar an eolas faoi úsáid píosa scannánaíochta teilifíse ciorcaid iata (CCTV) agus a gcearta faoi RGCS.
Amharc amharc