Dlí Riaracháin
- Foilsithe: 26 Aibreán 2017
- An t-eolas is déanaí: 28 Aibreán 2025
- An Rannóg Athbhreithnithe Bhreithiúnaigh
- An Rannóg Inimirce agus Tearmainn
- An t Aonad Táillí Abhcóidí
An Rannóg Athbhreithnithe Bhreithiúnaigh
Déanann an Rannóg Athbhreithnithe Bhreithiúnaigh ionadaíocht d’údaráis an Stáit agus don Stát i ngach imeacht athbhreithnithe bhreithiúnaigh nach mbaineann le hinimirce nó le tearmann.
Déileálann an Rannóg freisin le hiarratais habeas corpus faoi Airteagal 40 den Bhunreacht, cásanna sonraithe, litreacha iarratais ó bhinsí eachtracha, aistriú daoine faoi phianbhreith, agus cásanna Choiste Comhlíonta Choinbhinsiún Aarhus.
An Rannóg Inimirce agus Tearmainn
Déanann an Rannóg Inimirce agus Tearmainn ionadaíocht d’údaráis an Stáit agus don Stát in imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh i gcúrsaí inimirce, náisiúntachta agus saoránachta, agus an dlí cosanta idirnáisiúnta.
Tá an Rannóg freagrach freisin as iarratais habeas corpus, nuair a thagann siad chun cinn i gcomhthéacs inimirce nó cosaint idirnáisiúnta. Is é an tAire Dlí agus Cirt príomhchliant na Rannóige, agus gníomhaíonn an Rannóg freisin thar ceann an Bhinse Achomhairc um Chosaint Idirnáisiúnta.
An t Aonad Táillí Abhcóidí
Déileálann an tAonad Táillí Abhcóidí le híocaíochtaí táillí dlí le habhcóidí seachtracha, bainistíocht oibriú an Ghrúpa um Rialú Táillí Gairmiúla agus an tuairisciú don Ard-Aighne ar ainmniúchán abhcóide agus ar íocaíochtaí a dhéantar.