English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Dlí Tráchtála agus Fostaíochta



An Rannóg Dlí Tráchtála

Cuireann an Rannóg Dlí Tráchtála comhairle agus tacaíocht chuimsitheach dlí ar fáil thar réimsí éagsúla dlí tráchtála. Sainfheidhmíonn an Rannóg i ndlí na gconarthaí, dlí na hiomaíochta, agus cúrsaí rialála, agus fócas aici ar chomhlíonadh státchabhrach le haghaidh bearta cúnaimh deontais.

Ina theannta sin, soláthraíonn an Rannóg treoir shaineolach maidir le cosaint sonraí agus príobháideacht, dlí na gcuideachtaí, dlí TFC, dréachtú comhaontuithe maidir le deontais/maoiniú, maoin intleachtúil, comhaontuithe taighde agus forbartha agus ceadúnú teicneolaíochta. Tugann an Rannóg comhairle freisin ar dhlí maidir le fuinneamh, lena n-áirítear rialáil fuinnimh agus tionscadail bhonneagair fuinnimh in-athnuaite. Réimse suntasach eile is ea an dlí comhshaoil, go háirithe maidir le rochtain ar iarratais ar fhaisnéis faoin gcomhshaol.


An Rannóg Dlí Fostaíochta

Déanann an Rannóg Dlí Fostaíochta ionadaíocht do Ranna agus d’Oifigí Rialtais os comhair an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre, na Cúirte Oibreachais agus na gcúirteanna baile go léir maidir le cúrsaí fostaíochta lena n-áirítear agóidí bunreachtúla, urghairí idirbhreitheacha agus achomhairc, chomh maith le cásanna a thugtar os comhair chúirteanna an Aontais Eorpaigh.

Déileálann an Rannóg le réimse leathan dlíthíochta agus comhairle a bhaineann le fostaíocht, lena n-áirítear saincheisteanna amhail sárú ar chonarthaí, comhionannas agus idirdhealú i bhfostaíocht, éilimh ar stádas comhionann, dífhostú éagórach, bulaíocht agus ciapadh, nochtaí cosanta agus íocaíocht pá.


An Rannóg Dlí Soláthair Phoiblí

Soláthraíonn an Rannóg Dlí Soláthair Poiblí sainchomhairle do Ranna agus d’Oifigí Rialtais maidir le saincheisteanna soláthair phoiblí agus idirbheartaíocht chonarthach agus dréachtú a eascraíonn as sin. Déileálann an Rannóg le hobair chonarthach agus soláthair i raon leathan réimsí lena n-áirítear teicneolaíocht faisnéise, cumarsáid dhigiteach, imirce isteach, iompar, agus tionscadail bhonneagair.

Soláthraíonn an Rannóg seo seirbhís iomlán aturnae don Oifig um Sholáthar Rialtais (OSR) agus cuimsítear ina cuid oibre comhairle a thabhairt maidir le creataí, mionchomórtais, tionscadail shaincheaptha agus comhairle bheartais a sholáthar don OSR agus do Ranna Rialtais ar Threoracha Soláthair an Aontais Eorpaigh. Tá baint ag an Rannóg freisin le comhairle a thabhairt ar chomhfhreagras réamhdhlíthíochta i ndiaidh dámhachtain creataí agus conarthaí a fhógairt.