Earcaíocht
- Foilsithe: 1 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 30 Bealtaine 2025
Folúntais reatha
Oifigeach Cléireachais: dáta deiridh: Déardaoin 19 Meitheamh 2025
Ard Aturnae-Stáit (dlíthíocht): dáta deiridh: Déardaoin 19 Meitheamh 2025
Gairmeacha le OPAS
Reáchtálann OPAS feachtais earcaíochta go rialta d’fhoireann dlí, riaracháin agus speisialtóireachta, lena n-áirítear:
- Aturnaetha cáilithe
- Aturnaetha faoi oiliúint
- Feidhmeannaigh dlí
- Speisialtóirí ó ghairmeacha ar nós TFC, bainistíocht taifead, bainistíocht faisnéise agus eolais, acmhainní daonna agus airgeadas
- Foireann riaracháin ag gach grád ginearálta státseirbhíse
Fógraítear comórtais earcaíochta ar an leathanach seo, ar ár leathanach LinkedIn agus ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí PublicJobs.ie.