Faisnéis Airgeadais
- Foilsithe: 18 Meitheamh 2025
- An t-eolas is déanaí: 19 Meitheamh 2025
Íocaíochtaí Prasa
Ceanglaítear le Cinneadh Uimh S29296 ón Rialtas an 19 Bealtaine 2009 go n-íocfadh gach roinn agus gníomhaireacht rialtais na soláthraithe laistigh de 15 lá ó shonrasc bailí a fháil. Mar chuid den cheanglas sin, ní mór tuarascálacha ráithiúla ar fheidhmíocht íocaíochta a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin gach eagraíochta.
Orduithe Ceannaigh
I gClár an Rialtais 2011-2016, ceanglaítear ar gach roinn agus oifig rialtais sonraí a fhoilsiú faoi orduithe ceannaigh dar luach €20,000 nó níos mó. Foilsítear sonraí na n-orduithe ceannaigh os cionn €20,000 arna mbailiú ag OPAS ar bhonn ráithiúil i riaráiste.
Íocaíocht trí Ríomhaistriú Airgid
Íocann an OPAS gach soláthraí trí ríoimaistriú airgid.
Seoltar airgead ar aghaidh go leictreonach go díreach chuig cuntas bainc ainmnithe an tsoláthraí. Ní féidir íocaíochtaí a dhéanamh ach amháin i gcuntais bhainc atá i bPoblacht na hÉireann.