Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Obair linn


Do ghairm bheatha dlí leis an OPAS

Tugann gairm le hOifig an Phríomh-Aturnae Stáit deis gan sárú oibriú le ceann de na hoifigí dlí is mó sa tír. Cé acu an aturnae nuacháilithe thú a bhfuil fonn ort do ghairm bheatha dlí a thosú, an aturnae seanbhunaithe thú ar mian leat athrú a dhéanamh ó dhinimic an chleachtais phríobháidigh, nó an gairmí thú ó réimse gaolmhar, soláthróimid ardán eisceachtúil le haghaidh fáis, forbairt ghairmiúil agus obair fhiúntach a théann i bhfeidhm ar an náisiún iomlán.


Cén fáth a n-oibreofá mar aturnae le OPAS?

Cuirtear rogha uathúil ar an gcleachtas príobháideach ar fáil trí oibriú le OPAS. Tugann sé deis dhifriúil d’aturnaetha chun díriú ar sheirbhísí dlí ar ardchaighdeán a sholáthar do chliant suntasach amháin: Rialtas na hÉireann. Tá ár gcliant roinnte ar fud ranna agus eagraíochtaí iomadúla, rud a chuirfidh ar do chumas oibriú i réimse leathan d’obair dlí a théann i bhfeidhm go díreach ar rialachas agus ar bheartas poiblí an náisiúin. Mar gheall ar chastacht agus íogaireacht na gcúrsaí dlí a ndéileálaimid leo beidh do chuid oibre ina hobair ardphróifíle go minic agus beidh tionchar díreach aici ar an tsochaí.

I gcás dlíthithe, is éard atá i gceist leis sin ná go mbeidh tú i láthair san Ard-Chúirt, sa Chúirt Achomhairc, agus sa Chúirt Uachtarach go minic áit mbeidh tú ag obair ar na cásanna is suntasaí sa lá, ag múnlú thírdhreach dlíthiúil na hÉireann. Tá ár n-oifig lonnaithe in aice le hionad na gCeithre Cúirteanna, áit fhoirfe chun dul i mbun na n-imeachtaí suntasacha dlí sin. Déanaimid ionadaíocht freisin d’Éirinn go hidirnáisiúnta os comhair an CBAE i Lucsamburg.

Dóibh siúd a bhfuil baint acu le hobair chomhairleach, braitheann ranna rialtais ar shainchomhairle OPAS chun a mbealach a dhéanamh trí dhúshláin chasta dlí. Beidh ról ríthábhachtach agat maidir le beartas poiblí a threorú trí do chomhairle dlí, ag cinntiú go mbeidh an Stát ábalta déileáil le saincheisteanna dlí atá ag teacht chun cinn. I gcás tíolacóirí, cuireann OPAS an deis ar fáil chun oibriú ar idirbhearta maoine ar mhórscála, lena n-áirítear punann ollmhór an Stáit a bhainistiú trí Oifig na nOibreacha Poiblí.

Nuair a théitear le OPAS, tugtar deis freisin chun dul i mbun cúrsaí dlí ar an leibhéal náisiúnta, leibhéal an Aontais Eorpaigh agus an leibhéal idirnáisiúnta, ag déanamh ionadaíochta d’Éirinn i gcúrsaí dlíthiúla nach bhfuil ar fáil i gcleachtas príobháideach. Beidh tú páirteach i múnlú an dlí agus cuirfidh tú le forbairtí dlí sa bhaile agus go hidirnáisiúnta.

Cothromaíocht oibre agus saoil

Aithníonn OPAS an tábhacht a bhaineann le sásamh as post d’Oifigigh agus an tionchar dearfach a d’fhéadfadh a bheith aige sin ar fholláine Oifigigh. Cuirimid timpeallacht oibre chomhoibríoch, oscailte agus chairdiúil chun cinn lena n-éascaítear cleachtais oibre éifeachtacha. Cuireann OPAS tacaíochtaí éagsúla ar fáil chun é sin a bhaint amach, lena n-áirítear:

  • Obair chumasctha: D’fhéadfaí iarratais ar obair chumaisc a éascú, beidh gá freastal ar an oifig corruair i ngach ról de réir na riachtanas gnó
  • Socruithe Roinnte Oibre: faoi réir tréimhse promhaidh shásúil agus riachtanais ghnó
  • Réimse leathan roghanna saoire speisialta

Forbairt ghairmiúil leanúnach

Táimid tiomanta do thacaíocht a thabhairt d’fhás agus d’fhorbairt ár n-aturnaetha, cé acu an bhfuil tú nuacháilithe nó i do chleachtóir seanbhunaithe. Tá cláir oiliúna oiriúnaithe, deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, agus conairí ceannaireachta ar fad ina gcuid dár dtairiscint. I gcás aturnaetha sinsearacha, cuirimid deiseanna iontrála dírí ar fáil chun foirne a bhainistiú agus treo obair dhlíthiúil na hoifige a mhúnlú. Lenár dtimpeallacht éagsúil thacúil, is féidir le haturnaetha ó gach cúlra déanamh go maith, agus gairm bheatha shásúil agus thairbheach sa dlí a chinntiú.

Ag OPAS, beidh an deis agat oibriú le hábhair dhlí atá casta agus dúshlánach ón taobh intleachtúil, oibriú ar chásanna ardphróifíle, agus a bheith ar thús cadhnaíochta sa dlí poiblí, sa dlí tráchtála agus sa dlí rialála. Má tá ghairm sa dlí á lorg agat ina mbeidh tionchar inbhraite ag do chuid oibre, a chuireann le forbairt an dlí, agus a fhreastalaíonn ar leas an phobail, b’fhéidir gurb é OPAS an áit cheart duit.

Iarraimid ort iniúchadh a dhéanamh ar na deiseanna atá ar fáil le OPAS agus a bheith páirteach i bhfoireann atá tiomanta do thodhchaí an tírdhreacha dhlíthiúil a mhúnlú.

An bhfuil suim agat oibriú linn?

Fógraítear folúntais ar an leathanach Earcaíocht ar ár suíomh gréasáin, ar LinkedIn agus tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, agus bíonn earcaíocht ar siúl le linn na bliana. Fiú má chailleann tú folúntas ar leith, molaimid duit ár suíomh gréasáin agus an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí a sheiceáil go rialta le haghaidh deiseanna amach anseo.

B’fhéidir nach n-oireann OPAS duit inniu, ach b’fhéidir go mbeadh sé foirfe duit amach anseo.

Tuilleadh eolais fúinn