Earcaíocht
- Foilsithe: 1 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 17 Iúil 2025
Folúntais reatha
Níl aon chomórtais earcaíochta againn faoi láthair - beimid ag earcú arís níos déanaí i mbliana
Gairmeacha le OPAS
Reáchtálann OPAS feachtais earcaíochta go rialta d’fhoireann dlí, riaracháin agus speisialtóireachta, lena n-áirítear:
- Aturnaetha cáilithe
- Aturnaetha faoi oiliúint
- Feidhmeannaigh dlí
- Speisialtóirí ó ghairmeacha ar nós TFC, bainistíocht taifead, bainistíocht faisnéise agus eolais, acmhainní daonna agus airgeadas
- Foireann riaracháin ag gach grád ginearálta státseirbhíse
Fógraítear comórtais earcaíochta ar an leathanach seo, ar ár leathanach LinkedIn agus ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí PublicJobs.ie.
Chun a chinntiú go n-éireoidh le d’iarratas, tá ullmhúchán maith riachtanach, go háirithe agus muid ag earcú trí phróiseas iarratais agus agallaimh atá bunaithe ar inniúlachtaí – formáid a d’fhéadfadh a bheith nua do roinnt daoine.
Tá eolas cuimsitheach ag PublicJobs.ie ar earcaíocht agus roghnóireacht sa tseirbhís phoiblí, a thabharfaidh tuairim duit ar cad ba cheart duit a bheith ag súil leis.